2 Agus ṫug Esra an sagart an dliġeaḋ as coinne an ċoṁċruinniġ fear agus ban, an ṁéid lear ḃféidir a ċlos maille re tuigsin, ar an ccéad lá don tseaċtṁaḋ mí.
Do ċeangladar ré na ndearḃráiṫriḃ, a ndaóme uáisle, agus do ċuadar fa ṁalluġaḋ, agus fa ṁionnuiḃ, siuḃal a ndliġéaḋ De, noċ ṫug Maóise searḃḟoġantuiġ De úaḋ, agus do ċoiṁéud agus do ḋéanaṁ a nuile aiṫeanta an TIĠEARNA ar Ttiġearna, agus a ḃreiṫeaṁnusa, agus a reaċta;
Ar an lá sin do léiġeadar a leaḃar Ṁaóise a néisteaċt an ṗobail; agus fríṫ scríoḃṫa annsin, naċ ttiucfaḋ an Tammoníteaċ agus an Moabíteaċ a ccoṁċruinniuġaḋ Dé go bráṫ;
Marsin lá ar lá on ccéadlá go nuige an lá deiġionaċ, do léiġ sé a leaḃar dliġe Dé. Agus do ċonngṁadar an féasta seaċd lá; agus ar a noċtṁaḋ lá do ḃí oireaċdus sóllamonta, do réir an ġnáṫa.
¶ Agus Nehemiah, noċ asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scriḃneóir, agus na Leḃítiġ do ṫeagaisc an pobal, a duḃradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niuġ náoṁṫa don TIĠEARNA ḃur Ndía; ná déanuiḋ doilġios, nó gul. Oir do ġuil an pobal uile, a nuáir do ċúaladar bríaṫar an dliġe.
Oír do buḋ cóir do ṗuisíniḃ an tsagairt eólus do ċoiṁéad, agus do buḋ coir ḋoíḃsion dliġeaḋ díarruiġ as a ḃéul: óir isé sin teaċtaire ṪIĠEARNA na slóġ.
Agus is aṁluiḋ ḃías, a núaír ṡuíġfios sé a ccaṫaóir a rioġaċda, go scrioḃṫa sé ḋó fein cóib an dliġesi ann a leaḃar amaċ as leaḃar da mbía a ḃfiaḋnuisi na sagart Leḃíteaċ:
Ní raiḃ focal dar aiṫin Maóise, nar léiġ Iosua a laṫair ċoṁċruinniġ ċloinne Israel uile, maille ris na mnáiḃ, agus leis na leanbuiḃ, agus leis na coiṁiġṫiḃ do ḃí gnáṫaċ na measg.