2 Oír do ḃí cuid díoḃ a duḃairt, Atámuidne, ar míc, agus ar ninġeana, iomad: uimesin tógḃeamuid arḃar súas doíḃ, ċor go niṫeamaóis bíaḋ, agus go mbéaimis béo.
Agus a duḃairt seision, féuċ, do ċúala mé go ḃfuil arḃar sa Négipt: éirgiḋ síos ann sin, agus ceannċaiḋ ḋúinn; as sin ionnus go mairfeam, agús naċ ḃfuġeam bás.
Agús a duḃairt Iúdah re Hisrael, a aṫair, Cuir an leanaṁ liomsa, agus éireóċam; ionnus go mbíam beó, agus naċ éagfam, sinn féin, agus tusa, agus ar náos óg.
Uime sin cread fá ḃfuiġemis bás a ḃfiaġnuisi do ṡúl, sinn féin aráon agus ar ḃfearann? ceannuiġ sinn féin agus ar ḃfearann ar arán, agus bíam féin agus ar ḃfearann ar serḃíseaċuiḃ ag Ṗárao: agus taḃair síol dúinn, ar ċor go maiream, agus naċ ḃfuiġeam bas, agus naċ bía an fearann na ḟásaċ.
Anois do éiġ bean áiriġ do ṁnáiḃ ṁac na ḃfáġ ċum Elisa, ġa ráḋ, Fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ mfear bás; agus atá a ḟios agad go raiḃ eagla an TIĠEARNA air do ṡeirḃíseaċ: agus ṫáinic fear na ḃfíaċ do ḃreiṫ mo ḋeise mac leis dá mbeiṫ fá ḋaóirse aige.
Do ḃí cuid oile mar an gcéadna a duḃairt, Do ċuireamar ar ḃfearann a ngeall, ar ḃfíneaṁuin, agus ar ttiġṫe, le cceainneoċaimis arḃar, do ḃríġ na gorta.
Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.
Muna néistiġe, agus muna ccurṫaói ann ḃur ccroiḋe é, do ṫaḃairt glóire dom ainmse, a deir TIĠEARNA na slóġ, cuirfe misi go deiṁin malluġaḋ oruiḃ, agus mailleoċa mé ḃur mbeannuġaḋ: fós, do ṁallniġ mé ċeana íad, do ḃríġ naċ ccurṫaoi ann ḃur ccroiḋe é.