Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus foillsiġeam sinn féin ar ḃfearuiḃ ar son ar bpobail, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is maiṫ ann a raḋarc féin.
¶ Agus a duḃairt mé, larruim daṫċuinge ort, a ṪIĠEARNA Día neiṁe, an Día mór úaṫḃásaċ, ċoiṁeadus cunnraḋ agus trócaire don ṁéid ġráḋuiġéas é, agus ċoiṁéadas a aiṫeanta:
¶ Aċt tárla, a núair do ċúaluiḋ Sanballat, agus Tobiah, agus na Harábianuiġ, agus na Hammonitiġ, agus na Hasdoditiġ, gur cuireaḋ balla Ierusalem súas, agus go raḃadar na béarnaḋa ar tí ḃeiṫ druite, annsin do ḃí fearg ṁór orra,
¶ Oir do ċúala mé míoċlú ṁóráin, eagla air gaċ áon taóiḃ. Aiṫris, a deirid siad, agus aiṫreosaimne é. Atá mo luċt aiṫeanta uile ag foraire air mo ḃacuiġe, ġa ráḋ, Do bféidir go meallfuiḋe é, agus béuruimne buáiḋ air, agus do ḋéanam ar ndioġaltas air.
Bioḋ a ḟios agad air a naḋḃarsin agus tuig, go mbía ó ḋul amaċ na háiṫne Ierusalem daisiog agus do ċur súas gus an Messiah an Prionsa seaċd seaċtṁuine, agus trí fiṫċid agus dá ṡeaċtṁuin: cuirfiġear an tsráid súas a rís, agus an balla, eaḋon a naimsioruiḃ buáiḋearṫa.