Aċt cía misi, agus cred íad mo ḋaoine, as a mbiaḋ ionnuinn ofráil an coṁṫoilteanaċ so air an moḋsa? óir is uáitse ṫig gaċ uile ní, agus dot ċuid feín ṫugamar ḋuit.
Tuilleaṁ fós, do ḃríġ gur ċuir mé mo ḋúil a ttiġ mo Ḋé, atá agum dom ṡeilḃ ḋílis féin, dór agus dairgiod, noċ do ḃronn mé do ṫiġ mo Ḋé, ós cionn ar ġléas mé uile a ccoinne an tiġe naoṁṫa,
¶ Aċt tárla, a núair do ċúaluiḋ Sanballat, agus Tobiah, agus na Harábianuiġ, agus na Hammonitiġ, agus na Hasdoditiġ, gur cuireaḋ balla Ierusalem súas, agus go raḃadar na béarnaḋa ar tí ḃeiṫ druite, annsin do ḃí fearg ṁór orra,
¶ Agus do ċorruiġ an TIĠEARNA súas spiorad Ṡerubbabel ṁic Seáltiel, úaċtarán Iúdah, agus spiorad Iosuah ṁic Iosedeċ, an tárdsagart, agus spiorad íarsma an ṗobail uile; agus ṫangadar agus doibriġeadar a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ, a Ndía,
Go ndéuna sé siḃ diongṁalta sa nuile deaġobair, ċum a ṫola do ḋéunaṁ, ag oibriuġaḋ ionnuiḃ an neiṫe as geanaṁuil na ḟíaḋnuise, tré Iósa Críosd; dá ḃfuil glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.