Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Nehemia 2:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a duḃairt an ríġ riom, (an ḃainríoġain fós na suiḋe láiṁ ris), Créd é fad na haimsire ḃías do ṫurus? agus cá huáir ḟillfios tú? Marsin bá toil ris an ríġ, mo ċur ar siuḃal; agus do rinne mé uáir ċinnte ris.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Nehemia 2:6
9 Iomraidhean Croise  

O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, bíoḋ do ċlúas a nois aireaċ do ġuiḋe do ṡerohisiġ, agus do ġuiḋe do ṡerḃíseaċ ar a ḃfuil fonn eagla hanma do ḃeiṫ orra: agus soirḃiġ dot ṡerḃiseaċ a niuġ, iarruim daṫċuinġe ort, agus déonuiḋ trócaire ḋó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an ríġ.


Aċt ar feaḋ na háimsiresi uile ní raḃusa ann Ierusalem: óir annsa dara blíaḋuin déag ar ḟiṫċid do Artacsercses ríġ na Babilóine ṫáinic misi ċum an ríġ, agus tar éis láeṫeaḋ áiriġ do fúair mé cead an ríġ:


Annsin a duḃairt an ríġ riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruiḋ? mar sin do ġuiḋ misi ċum Dé neiṁe.


Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Más toil ris an ríġ, agus má fuair do ṡerḃíseaċ faḃar ad raḋarc, go maḋ toil leaċd misi do ċur go Iúdah, go caṫruiġ aḋlaicte maiṫreaḋ, iondus go ccuirte mé súas í.


¶ Os a ċionn sinn ó nam fár hórduiġeaḋ misi do ḃeiṫ am úaċtarán a ḃfearann Iúdah, ón ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋain go nuige an dara blíaḋuin déug ar ḟiṫċid do Artacsercses an ríġ, ḋá ḃlíaḋuin déag, níor iṫ mé féin nó mo ḋearḃráiṫre arán a núaċdaráin.


Agus áitreoċuid daóine úait na seanáite fasuiġ: tóigfe tú súas bunáite ṁóráin ginealaċ; agus goirfiġear ḋíot, Fear leasuiġṫe an ḃriste, Fear aisigṫe na slíġṫeaḋ áitreaḃ ionta.


¶ Agus cuirfid siad súas na seanḟasuiġe, tóigfid súas na seanáite uáigneaċa, agus aṫnúaḋċuid na caiṫreaċa fásuiġ, fásuġaḋ ṁóráin ġinealaċ.


Agus tiucfa a gcríċ, suil ġoirfeas síad, go ḃfreagora misi, agus an fad ḃéid fós ag laḃairt, go ccluinfe mé.


Bioḋ a ḟios agad air a naḋḃarsin agus tuig, go mbía ó ḋul amaċ na háiṫne Ierusalem daisiog agus do ċur súas gus an Messiah an Prionsa seaċd seaċtṁuine, agus trí fiṫċid agus dá ṡeaċtṁuin: cuirfiġear an tsráid súas a rís, agus an balla, eaḋon a naimsioruiḃ buáiḋearṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan