Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Nehemia 2:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Más toil ris an ríġ, agus má fuair do ṡerḃíseaċ faḃar ad raḋarc, go maḋ toil leaċd misi do ċur go Iúdah, go caṫruiġ aḋlaicte maiṫreaḋ, iondus go ccuirte mé súas í.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Nehemia 2:5
12 Iomraidhean Croise  

Agus do ṫuit Ioab ar a aġaiḋ go taluṁ, agus do ċláon é féin, agus rug buiḋeaċus ris an ríġ: agus a duḃairt Ióab, A niuġ aiṫniġiḋ do ṡearḃḟoġantuíġ go ḃfuáir mé grása ann do raḋarc, a ṫiġearna, mo ríġ, do ḃríġ gur ċoiṁlíon an ríġ íarratus a ṡearḃḟoġantuiġ.


A nois ar a naḋḃarsin, mas toil leis an ríġ é, déantar cúartuġaḋ a ttiġ ionṁuis an ríġ, noċ atá annsin san Ḃabilóin, dá ḟéuċuin an marsin atá, go ttug an ríġ Círus fúagra an tiġse Dé do ḋéanaṁ ann Ierusalem, agus cuireaḋ an ríġ a ṫoil ċuguinne a ttaoḃ na cúisesi.


Annsin a duḃairt an ríġ riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruiḋ? mar sin do ġuiḋ misi ċum Dé neiṁe.


Agus a duḃairt an ríġ riom, (an ḃainríoġain fós na suiḋe láiṁ ris), Créd é fad na haimsire ḃías do ṫurus? agus cá huáir ḟillfios tú? Marsin bá toil ris an ríġ, mo ċur ar siuḃal; agus do rinne mé uáir ċinnte ris.


Mas toil leis an ríġ é, eirġioḋ aiṫne ríoġa úaḋ, agus scrioḃṫar í a measc ḋliġe na Bpersianaċ agus na Medianaċ, go naċ áṫruiġtear í, Gan Ḃasti do ṫeaċt ní sa ṁo do laṫair an ríġ Ahasuerus; agus tugaḋ an ríġ a sdaid ríoġasa dáon is féarr ná í.


Má fuáir mé grás a raḋarc an ríġ, agus mas toil leis an ríġ míarratus do ḋeónuiġaḋ, agus maṫċuinge do ċoiṁlíonaḋ, tigeaḋ an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe ġleusfus mé ḋóiḃ, agus do ḋéana mé a máraċ mar a duḃairt an ríġ.


Ann sin do ḟreagair Ester an ḃainríoġan, agus a duḃairt, Má fuáir mé cinnealtas dot laṫair, O a ríġ, agus más toil ris an ríġ, tugṫar manam ḋaṁ ar míarratas, agus mo ḋaóine ar maṫċuinge:


Agus a duḃairt sí, Más toil leis an ríġ, agus má fuáir misi caraidraḋ iona raḋarc, agus go ḃfaicṫear an ní ceart a ḃfiaġnuisi an ríġ, agus má tá mé taitneaṁaċ iona raḋarc, scrioḃṫar litreaċa Háman ṁic Hammedaṫa an Tagagiteaċ do ġairm air a nais, noċ do scríoḃ sé do scrios na Niúduiġeaḋ noċ atá a nuile ṗroiḃinnsiḃ an ríġ:


Marsin do ġeaḃa tú faḃar agus tuigsi ṁaiṫ a raḋarc Dé agus duine.


Bioḋ a ḟios agad air a naḋḃarsin agus tuig, go mbía ó ḋul amaċ na háiṫne Ierusalem daisiog agus do ċur súas gus an Messiah an Prionsa seaċd seaċtṁuine, agus trí fiṫċid agus dá ṡeaċtṁuin: cuirfiġear an tsráid súas a rís, agus an balla, eaḋon a naimsioruiḃ buáiḋearṫa.


Is anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟuarċraḃuiḋ! oír is cosṁuil siḃ ré túamiḋiḃ geala a tá deaġṁaiseaċ don taóḃ a muiċ, agus a tá a sdíġ lán do ċnáṁaiḃ dáoine marḃ, agus dá gaċ uile ṡalċar.


Ann sin a duḃairt sí, Faġaim faḃar ad laṫair, á ṫiġearna; do ċionn go ttúg tú sólás daṁ, agus gur laḃair tú go muinntearḋa red ṡeirḃiseaċ, matá naċ ḃfuilim cosṁuil re haon dot ċailiniḃ féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan