¶ Agus dinnis duine do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Atá Aċitoṗel a measg na ndróiċṫionnsgantaċ a ḃfoċair Absolon. Agus a duḃairt Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, iompóiġ coṁairle Aċitoṗel a namadánaċd.
O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, bíoḋ do ċlúas a nois aireaċ do ġuiḋe do ṡerohisiġ, agus do ġuiḋe do ṡerḃíseaċ ar a ḃfuil fonn eagla hanma do ḃeiṫ orra: agus soirḃiġ dot ṡerḃiseaċ a niuġ, iarruim daṫċuinġe ort, agus déonuiḋ trócaire ḋó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an ríġ.
Agus tárla, an tan do ċúala misi na bríaṫraso, gur ṡuiġ mé síos, agus gur ġuil mé, agus go ndéarna me doilġios laéṫe áiriġ, agus gur ṫroisg mé, agus gur ġuiḋ mé a ḃfiaḋnuise Dé neiṁe,
¶ Agus a duḃairt mé, larruim daṫċuinge ort, a ṪIĠEARNA Día neiṁe, an Día mór úaṫḃásaċ, ċoiṁeadus cunnraḋ agus trócaire don ṁéid ġráḋuiġéas é, agus ċoiṁéadas a aiṫeanta:
Annsin do ḟreagair misi íad, agus a duḃairt mé ríu, Cuirfe Día neiṁe, air ar naġaiḋ sinn; uimesin sinne a ṡerḃísiġ éireoċum, agus do ḋéanam obair: aċt ní ḃfuil roinn, nó ceart, nó ċiṁniuġaḋ aguiḃsi ann Ierusalem.
Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Más toil ris an ríġ, agus má fuair do ṡerḃíseaċ faḃar ad raḋarc, go maḋ toil leaċd misi do ċur go Iúdah, go caṫruiġ aḋlaicte maiṫreaḋ, iondus go ccuirte mé súas í.
¶ Agus a duḃairt an ríġ re Hester ag fleiḋ an nfíona, Cred í haṫċuinge? agus do ġeaḃa tú í: agus cred é híarratus? eaḋon go nuige leaṫ na rioġaċta coiṁlíonfuiġṫear é.
Agus a duḃairt an ríġ a rís re Hester air an dara lá ag fleíḋ a nfíona, Cred é híarratus, a ḃainríoġan Ester? agus do ḃéarṫar duit é: agus cred é haṫċuinġe? agus coiṁlíonfuiġeor í, da maḋ go leaṫ na ríoġaċta.