3 Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Go mairiḋ an ríġ go bráṫ: cred as naċ bíaḋ mo ġnúis duḃaċ, a nuáir go ḃfuil an ċaṫair, áit aḋlaicṫe maiṫreaḋ, fásḟoluṁ, agus a geataḋa loisge le teine?
¶ Agus annsa ccuigeaḋ mí, ar an seaċdṁaḋ lá don ṁí, (noċ ar ḃí sin an naoṁaḋ blíaḋuin déug do Nebuċadnessar ríġ na Babilóine), ṫainic Nebusar‐adan, caiptín an ġárda, searḃḟoġantuiġ do ríġ na Babilóine, go Hierusalem:
Do buḋ ḋá ḃliaḋuín déag ar ḟiṫċid a aois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ḃí na ríġ an Ierusalem oċt mbliaḋna, agus dimṫiġ sé gan íarruiḋ air. Aċt ċeana do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃí, giḋeaḋ ní a ttúamaiḃ na ríoġ.
Agus do ċoduil Ahas agá aiṫriḃ, agus do aḋlaiceadar é annsa ċaṫruiġ, eaḋon ann Ierusalem: aċt ní ṫugadar é go túama ríoġ Israel: agus do ríoġuiḋ Heseciah a ṁac iona áit.
Agus do ċoduil Heseciah agá aiṫriḃ, agus do aḋlaiceadar é annsa túama dob onoruiġ ag macaiḃ Ḋáiḃi: agus do rinne Iúdah uile agus áitreaḃuiġ Ierusalem onóir ḋó a nam a ḃáis. Agus do ríoġuiḋ Manasseh a ṁac ióna áit.
Agus do loisgeadar tiġ Dé, agus do ḃriseadar síos ballaḋa Ierusalem, agus do loisgeadar a ṗaláis uile lé teine, agus do ṁilleadar a ráiḃ do ṡoiṫiġiḃ maiṫe ann.
Agus a duḃradar riom, An fuiġioll do fágḃaḋ do na braiġdiḃ anusin ansa bproḃins atáid a mbuáiḋreaḋ ṁór agus a míoċlú: do briseaḋ sios ballaḋa Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeaḋ a geataḋ le teine.
Agus do ċúaiḋ mé amaċ san noiḋċe ag geata an ġleanna, eaḋon as coinne ṫobair an draguin, agus láiṁ ris an bport aoiliġ, agus do ṁeas mé ballaḋa Ierusalem, noċ do ḃriseaḋ síos, agus a geataḋa do ḃí ar na losgaḋ re teine.
¶ Annois annsa ċúigeaḋ mí, annsa deaċṁaḋ lá don ṁí, do bé sin an náoṁaḋ blíaḋain déag do Nebuċadressar ríġ na Babilóine, ṫáinic Nebusaradan, caiptín an ġárda, noċ do ḟrioṫoil do ríġ na Babilóine, go Hierusalem,
Do sluigeaḋ a geataḋa annsa talaṁ; do aiḋṁill se agus do ḃris se a barraḋa: agus atáid a ríġ agus a prionnsaḋa a measc na Ngeinteaḋ: ní ḃfuil dliġeaḋ ann ní sa ṁó; ní ḟaicid a fáiġe fós fis ar biṫ ón TTIĠEARNA.
¶ Anois ṫáinic an ḃainríoġan do ḃriġ ḃríaṫar an ríġ agus a ṫiġearnaḋ go tiġ na fleiḋe: agus do laḃair an ḃainríoġan agus a duḃairt, A ríġ, mair go bráṫ: ná buáiḋreaḋ do smuáintiġṫe ṫú, agus ná háṫruiġeaḋ do ġnúis: