7 Do rinneamar go ro ṫruáilliġṫe ad aġaiḋsi, agus níor ċoiṁéadamar na haiṫeanta, náid na reaċda, náid na breiṫeaṁnuis, do aiṫin tú dot ṡerḃíseaċ Máoise.
Agus coiṁéad cúram do ṪIĠEARNA Dé, ag siuḃal iona ṡliġṫiḃ, ag coiṁéad a statúideaḋ, agus a aiṫeanta, agus a ḃreiṫeaṁnasa, agus a ḟiaġnuiseaḋ, mar atá scrioḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ċor go mbeiriġ tú buáiḋ ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gaċ uile ṫáoḃ a niompoċuíḋ tú ṫú féin:
Aċt níor ṁarḃ sé a clann, aċt do rinne sé mar atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ leaḃair Ṁáoise, mar ar aiṫin an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Ní muirfiġṫear na haiṫre ṫríd an ccloinn, agus ní muirfiġṫear an ċlann ṫríd na haiṫriḃ, aċt muirfiġṫear gaċ éanduine tré na ċoir feín.
Agus do rinne sé an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ neiṫe dá ndéarna Ussiah a aṫair: ṫairis sin ní ḋeaċuiḋ sé a steaċ go teampall an TIĠEARNA. Aċd do níaḋ an pobal ní truáilliġ go foill.
Do ċuáiḋ an Tesra so súas ón Ḃabilóin; agus do ḃí sé na scríḃneóir abuiḋ a ndliġeaḋ Maóise, noċ ṫug an TIĠEARNA Dia Israel úaḋa: agus daontuiġ an ríġ a íarratas uile ḋó, do réir láiṁe a ṪIĠEARNA Dé air.
Ah a ċineaḋ ṗeacaċ, pobal trom lé héigceart, síol daóine míġníoṁaċ, clann atá na millteaċaiḃ: do ṫréigeadar an TIĠEARNA, do ḃrostuiġeadar an Táon Náoṁṫa Israel ċum feirge, do imṫiġeadar rompa ar a ccúl.
Do ṡáruiġ fós, Israel uile do ḋliġeaḋ, agus sin le filleaḋ air ais, ċor naċ éisdedís red ġúṫsa; uimesin do dóirteaḋ an málluġaḋ oruinn, agus an mionn atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise seirḃiseaċ Dé, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar na aġaiḋ.
Aṁuil atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ṫáinic an tolcso uile oruinn, ṫairis sin ní ḋeárnamairne ar nguiḋe a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA ar Ndía, ionnus go bḟillfimís ó ar nolc, agus go ttuigfemís ṫfírinnesi.
A duḃairt mé, Go deiṁin biáiḋ meagla ort, géaḃa tú teagasg; iondus naċ géarriuiḋe amaċ a náit ċoṁnuiġe, giḋ gur smaċtuiġ mé íad: aċt deirġiodarsan go moċ, agus do ṫruáilleadar a ngníoṁa uile.
Annois ar a naḋḃarsin éistiġ, ó a Israel, ris ná reaċduiḃ agus ris na breiṫeaṁnusuiḃ, noċ do ṁúin mé ḋáoiḃ, ċum a ndeanta, ċor go mainfiḋe, agus go raċṫáoi a sdeaċ agus go sealḃuiġṫáoi an dúṫaiġ do ḃeir an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ ḋáoiḃ.
Féuċaiḋ, do ṁúin mé ḋáoiḃ reaċda agus breiṫeaṁnuis, do réir mar do aíṫin an TIĠEARNA mo Ḋía ḋíom, ionnus go ndéuntáoisi sin annsa tír a ḃfuiltí ag dul dá sealḃuġaḋ.
Agus do ġoir Maóise Israel uile, agus a duḃairt riú, Eist, ó a Israel, ris na statúide agus na breiṫeaṁnuis noċ laḃruimsi ann ḃur ccluasuiḃ a niuġ, go ḃfoġlumṫáoi íad, agus go ccoiṁéadfáoi, agus go ndeantáoi íad.
Annois is íad so na haiṫeanta, na reaċda, agus na ḃreiṫeaṁnuis, do aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫeagasg ḋíḃ, ċor go ndéantáoi íad annsa ḃfearann a ḃfuiltí ag dul dá ṡealḃuġaḋ:
Oír is fírinneaċ cóṁṫrom a ḃreaṫasan: óir do ḋamnuiġ sé an meirrdreaċ ṁór, do ṫruáill an talaṁ ré na sdríopaċas, agus do ḋíoġail se fuil a ṡearḃḟoġantuiġeaḋ do dóirteaḋ ar á láiṁ.