Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Nehemia 1:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Go ttáinic Hánani, áon dom ḋearḃraiṫriḃ, é féin, agus daóine áiriġ do Iúdah; agus dfíafruiġ misi ḋíoḃ do ṫaoiḃ na Níuduiġeaḋ do ċuáiḋ as, noċ do fágḃaḋ do na daóirsineaċaiḃ, agus a ttaoḃ Ierusalem.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Nehemia 1:2
12 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃí gleann Siddim lán do lóguiḃ pice talṁuiḋe; agus do ṫeiṫriġ Sodom agus Gomorrah, agus do ṫuiteadur ionta sin; agus an ṁéid do ṁair do ṫeiṫeadar fán tsliáḃ.


Agus do rug sé Ierusalem uile leis, agus na prionnsaḋa uile, agus an nuile ḋuine árraċda a ngaisgiḋ, eaḋon deiċ míle bráiġe, agus an luċd ceirde uile agus na gaiḃne: níor ḟan duine, aċd an luċd buḋ boiċde do ḋáoine na tíre.


Aċt dfág caiptín an ġárda cuid do ḃoċduiḃ na tíre do ḃeiṫ ag deasuġaḋ fíneaṁna agus na luċd sáoṫair.


Nar ċóir dauinn a rís haiṫeanta do ḃriseaḋ, agus íaḋaḋ a ccleaṁnus ré luċt na graíneaṁlaċta? naċ beiṫeása feargaċ rinn nó go scriostá sinn, iondus naċ biaṫ fuiġioll nó dul as?


Go ttug mé dom ḋearḃraṫair Hanáni, agus do Hananiah uaċdarain an ṗaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do ḃí sé na ḋuine ḟírinneaċ, agus eagla Dé ar ós cionn ṁóráin.)


Iondus naċ raċaiḋ as, agus naċ mairfiḋ aoinneaċ dfuiġioll Iúdah dá ndeaċaiḋ go críċ na Hégipte do ċoṁnuiḋe annsin, lé ḃfillfidís go tír Iúdah, mar a ḃfuil fonn orra dáitreaḃaḋ ann: óir ní fillfiġear aċ an ṁéid raċus as


Agus cuiṁneoċuid an ṁéid raċus as díḃ misi a measc na ccineaḋaċ mar a mbéarṫar a láiṁ íad, do ḃríġ gur briseaḋ mé le na ccroiḋe stríopaṁuil, noċ do ḋealuiġ riomsa, agus lé na súiliḃ, noċ ṫéid do stríopaċus a ndíaiġ a nioḋal: agus gráinfid íad féin do ḃríġ na nolc do rinneadar iona nuile ġráineaṁlaċdaiḃ.


¶ Aċt an ṁéid raċus as díoḃ raċaid as, agus béid ar na sléiḃtiḃ aṁuil coluim na ngleann, íad uile ag caoi, gaċ áon ar son a ṗeacaiḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan