¶ Annsin do ċruinniġeadar fir Ḃeniamin agus Iúdah íad féin a ccionn a ċéile go Hierusalem táoḃ a stiġ do ṫrí lá. Do bí sin an náoiṁaḋ mí, agus an fiṫċead lá don ṁí; agus do ṡuiġ an pobal úile a sráid ṫiġe Dé, ar criṫ ar son na cúisesi, agus na fearṫanna ṁóire.
Agus do ċúaiḋ súas cuid do ċloinn Israel, agus do na sagartuiḃ, agus do na Leḃitiḃ, agus do na cantáireaḋuiḃ, agus do na doirseóiriġiḃ, agus do na Netinimiġ, go Hierusalem, ar an seaċdṁaḋ blíaḋain do Artacsercses an ríġ.
Agus tárla a mí Nisan, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ bliaḋaín do Artacsercses an ríġ go raiḃ fíon da laṫair: agus do ṫóg misi an fíon, agus ṫug mé don ríġ é. A nois ní ḃínnsi roiṁésin duḃaċ iona ḟiaḋnuisi.
¶ Os a ċionn sinn ó nam fár hórduiġeaḋ misi do ḃeiṫ am úaċtarán a ḃfearann Iúdah, ón ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋain go nuige an dara blíaḋuin déug ar ḟiṫċid do Artacsercses an ríġ, ḋá ḃlíaḋuin déag, níor iṫ mé féin nó mo ḋearḃráiṫre arán a núaċdaráin.
Do ċúadar na postaḋa amaċ, ar na mbrostuġaḋ le haiṫne an ríġ, agus tugaḋ a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do ṡúiġ an ríġ agus Háman síos ċum óil; aċt do ḃí an ċaṫair Súsan buáiḋearṫa.
Agus do ċonnairc mé a naisling; (agus ṫáinic a ccríċ, a nuáir do ċonnairc mé, go raiḃ mé ann Súsan annsa ṗálás, noċ atá a bproḃinnsi Elam;) agus do ċonnairc mé a naisling, agus do ḃí mé ag aḃuinn Ulai.