Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do taiḋḃreaḋ ḋóiḃ Elías maille ré Máoisi: agus do ḃádar ag coṁráḋ ré Híosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus dʼḟreagair Peadar agus deir le h-Íosa: A Ṁáiġistir, is maiṫ dúinn a ḃeiṫ annseo, agus déanamaois trí boṫa, ceann duit-se, agus ceann do Ṁaoise, agus ceann do Elías.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do taiḋḃriġeaḋ ḋóiḃ Élias i n‐éinḟeaċt le Maois: agus iad ag cóṁráḋ le h‐Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt sé le h-Íosa: A Ṁáiġistir is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; agus leis dúinn trí puible ḋéanaṁ anso, pubal duit-se, agus pubal do Ṁaois, agus pubal d’Elias.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:4
15 Iomraidhean Croise  

Oír do rinneadar na fáiġe uile agus an dliġeaḋ fáiġeadóireaċd go Héoin.


Agus do ḃádar a éaduiġe dealruiġaċ, róġeal mar an sneaċta; a gcrúṫ náċ éidir lé háon ġlanadóir éaduiġe ar taluṁ a ngealaḋ.


Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar a duḃairt sé ré Híosa, A Ṁaiġisdir, is maiṫ sinne do ḃeiṫ ann so: ar a naḋḃarsin déunam trí boṫa; boṫ ḋuitsi, agus boṫ do Ṁáoisi, agus boṫ Délías.


Agus ar dtionnsgnaḋ ó Ṁáoisi agus ó na faiġiḃ uile, do eidirṁíniġ sé ḋoiḃ ann sna huile sgriopturaiḃ na neiṫer ḃi ḋá ṫáoḃ féin.


Agus a duḃairt sé ríu, Ag so na briaṫar do laḃair mé riḃ, a núair do ḃí mé fós ḃar ḃfoċair, gur ab éigin na huile neiṫe atá sgríoḃṫa a reaċd Ṁáoisi, agus ann sna fáiġiḃ, agus ann sna salmuiḃ, am ṫimċeallsa do ċoiṁlíonaḋ.


Agus do ḟreagradarsan agus a duḃradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éiġe fáiġ éigin do na seanḟáiġiḃ a rís.


Cúartuiġiḋ na sgriobtuiriḋe; oír do ciṫear ḋáoiḃ fein gur ab ionnta ġeiḃṫí an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ: agus as iad sin ḃeireas fiaḋnuisi leamsa.


Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan