Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 9:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus do ḟiafruiġ Iósa ḋá aṫair, Gá fad daimsir ó ṫárla so ḋó? Aċd a duḃairt seision, O ḃí sé na leanaḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus is minic a ċaiṫ sé i dteiniḋ agus i n-uisce é ċun é a ṁarḃaḋ; aċt máʼs féidir duit aon rud a ḋéanaṁ, bíoḋ truaiġe agat dúinn agus caḃruiġ linn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus d’ḟiafruiġ Íosa de’n aṫair, An fada ḋó sa rioċt so? Agus aduḃairt seisean, Ó ḃí sé ’n‐a leanḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus is minic a ċaiṫ sé sa teine é, agus sa n-uisge, ċun é ṁarḃú; aċ má tá sé ar do ċumas i n-aon ċor, dein trócaire orainn agus fóir orainn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 9:21
15 Iomraidhean Croise  

Duine beirṫior ó ṁnaói bí sé gearrṡáoġlaċ, agus lán daṁgar.


Aċt ċeana rugaḋ an duine ċum buaiḋearṫa, mar éirġid na driṫleanna súas.


Féuċ, is an eigceart do ċumaḋ mé; agus a gcionntuiḃ do ġaḃ mo ṁaṫair a mbroinn mé.


¶ Agus do ḃí bean áiriġe ann sin, ar a raiḃ dortaḋ fola ré ḋá ḃlíaḋain déig,


Agus tugadar ċuige é: agus an tan do ċonnairc sé é, do ṫarraing an spiorad as a ċéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalaṁ ḋó, do ḃí sé ḋá únfairt ag cur ċuḃair as a ḃéul.


Agus is minic do ṫeilg sé a dteiniḋ, agus a nuisge é, do ċúm go millfeaḋ sé é: aċd má a tá cuṁaċd ar biṫ agadsa, bíoḋ trúaiġe agad ḋúinn, agus fóir oruinn.


Agus an ḃeansa, atá na hinġin ag Abraham, noċ do ċuiḃriġ Sátan, a nois le hóċd mbliaḋna dég, a né nar ċoír a sgáoileaḋ ón ċuiḃreaċsa a lá na sábbóide?


Agus bean do ḃí a ḃflucsa fola dá ḃliaḋuin dég, agus do ċaiṫ a raiḃ aice le leaġaiḃ, agus nar béidir le héinneaċ a leiġeas,


Agus ag gaḃáil ṫairis, do ċunnairc Iósa duine do ḃí dall ó ruġaḋ é.


Fá a nám sin do ḃí duine áiriġe a Listra na ṡuiḋe, ag naċ raiḃ a ċosa ar a ċúmas, do ḃí na ṁairtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, agus nar ṡiúḃail a ríaṁ.


Agus do hiomċraḋ duine áiriġe do ḃí na ṁairtíneaċ ó ḃruinn a ṁaṫar, noċ do ċuirdís gaċ láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breaġa, díarruiḋ déirce ar a ndruing do ṫéiġeaḋ a sdeaċ don teampoll;


Oír do ḃí an té air a ndearnaḋ an coṁarṫa slainte úd, ós cionn dá ḟiċead ḃliaḋan dáois.


Agus fuáir sé ann sin duine áiriġe ḋar ḃainm Enéas, do ḃí a bpairilis, agus nar éiriġ as a leabaiḋ feaḋ oċd mblíaḋan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan