Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 8:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do aíṫin seision don tslúaġ suiḋe síos ar an dtalaṁ: agus ar nglacaḋ na seaċd narán dó, tar éis ḃuiḋeaċuis do ṫaḃairt, do ḃris sé, agus tug sé dá ḋeisciobluiḃ íad do ċum a gcur ann a ḃfíaḋnuisi; agus do ċuireadarsan a ḃfíaḋnuisi an tslúaiġ íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus dʼórduiġ sé doʼn tsluaġ suiḋe síos ar an talaṁ. Agus ag glacaḋ na seaċt n-arán dó, agus ag taḃairt ḃuiḋeaċais, ḃris sé an t-arán agus ṫug dá ḋeisciobail le roinn é: agus ċuir siad-san ós cóṁair an tsluaiġ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an talaṁ: agus do ġlac sé na seaċt mbollóga ċuige, agus tar a éis dó buiḋeaċas do ġaḃáil, do ḃris sé iad; agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ iad le cur os cóṁair an tsluaiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an dtalaṁ; agus ṫóg sé na seaċt mbulóga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus ḃris sé an t-arán, agus ṫug sé d’á ḋeisgiobulaiḃ é le cur os cóṁair na ndaoine, agus ċuireadar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 8:6
18 Iomraidhean Croise  

Agus ar mbeiṫ ag iṫe bíḋ ḋóiḃ, do ġlac Iósa arán, agus tar éis a ḃeannuiġṫi, do ḃris, agus tug sé ḋá ḋéisciobluiḃ é, agus a duḃairt sé, Glacuiḋ, iṫiḋ; a sé so mo ċorpsa.


Agus a núair do ḃris mé na seaċd naráin ar na ceiṫre ṁílefear, gá ṁéud clíaḃ lán do ḃíaḋ brisde do ṫógaḃair? Agus a duḃradarsan, A seaċd.


Agus do ḟíafruiġ seisean díoḃ, Ga ṁéud arán a tá agaiḃ? Agus a duḃradarsan, A seaċd.


Agus do ḃádar beagán díasgaiḃ beaga aca: agus an tan tug sé buiḋeaċus, a duḃairt sé íad sin fós do ċur na ḃfíaḋnuisi.


Is beannaiġe na searḃḟoġantaiḋe úd, do ġeiḃ an tiġearna ag déanaṁ faire an tan do ṫig sé: a deirim riḃ go fírinneaċ, go gccangalfuiġ sé é féin timċioll, agus go gcuirfiḋ sé iádsan na suiḋe ċum biḋ, agus ar dteaċd amaċ ḋó go ndéanuiḋ sé fríoṫólaṁ ḋóiḃ.


Agus tárla, an tan do ċuiḋ sé ċum bí na ḃfoċair, ar mbreiṫ ar a narán; go rug sé buiḋeaċas, agus ar na ḃriseaḋ, tug sé ḋóiḃsion é.


A duḃairt a ṁáṫair ris an luċd frioṫóilṁe, Giḋ bé ní déara sé riḃ, déunaiġ é.


Agus tangadar longa beaga eile ó Ṫibérias láiṁ ris an áit an ar iṫeadar an tarán, tar éis an Tiġearna ḃreiṫ buiḋeaċuis:


An tí ċongṁas an lá, as don Tiġearna ċongṁas sé é; agus an tí naċ ccongṁann an lá, as don Tiġearna naċ ccongṁann sé é. An té iṫeas, as don Tiġearna iṫeas sé óir beiriḋ sé buiḋeaċus ré Día; agus an té náċ iṫeann, as don Tiġearna naċ iṫean sé, agus beiriḋ a ḃuiḋe ré Día.


Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion.


Coṁlúaṫ agus ṫiucfuiḋe don ċaṫruiġ, do ġeaḃṫaoi ar ball é, suil raċus sé súas don náit áird diṫe: óir ní íosuid an pobal nó go ttí sé, do ċionn gur bé ḃeannuiġios an níoḋbairt; agus na ḋiaiġ sin iṫid luċd an ċuiriḋ. Anois ar a naḋḃarsin eírġiḋsi súas óir is timċioll; a nama sa do ġeaḃṫaoi é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan