Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 7:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃairt sé ríu, Is maiṫ ċurṫáoi ar gcúl aiṫne Dé, ionnas go gcoiṁéudfaḋ siḃ ḃur ngnáṫuġaḋ féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus duḃairt sé leo: Is maiṫ a ċuireas siḃ aiṫne Dé ar neiṁníḋ ċun ḃur sean-ġnás a ċoiṁéad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus aduḃairt sé leo, Is breáġ mar ċuireann siḃ aiṫne Dé ar neaṁ‐niḋ, ċum ḃúr sean‐ġnáis féin do ċleaċtaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus duḃairt sé leó: Is maiṫ a ċuireann siḃ órdú Dé ar neaṁníḋ ċun nós ḃúr sinsear do ċoimeád.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 7:9
16 Iomraidhean Croise  

Is miṫíḋ, a ḋéanaṁ, a ṪIĠEARNA: do ċuireadar do ḋliġeaḋ ar neiṁní.


Do truáilleaḋ an talaṁ mar an ccéadna faói na ḋúṫċusaiḃ; do ċionn gur ṡáruiġeadar an dliġeaḋ, gur áṫruiġeadar an torduġ, ḃriseadar an cunnraḋ siorruiḋ.


¶ Uime sin a dúḃairt an Tiġearna, Do ḃríġ go ttairingid an ṁuinntirse láiṁ riom le na mbéul, agus go nonóruiġid le na bpuisiniḃ mé, aċt gur áṫruiġeadar a ccroiḋe a ḃfad uáim, agus gur múineaḋ a neagla dom ṫaóiḃsi maille re aiṫne ḋaóine:


Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.


Agus laiḃeora sé bríaṫra móra a naġaiḋ an té is ro Airde, agus caiṫfiḋ amaċ naóiṁ an té is ró Airde, agus sáoilfiḋ aimsiora agus dliġṫe dáṫruġaḋ: do ḃéarṫar iona láiṁ íad go haimsir agus go haimsioruiḃ agus go roinn aimsire.


Ag cur ḃréiṫre Dé ar gcúl leis an ngnáṫuġaḋ do órduiġeaḃair féin, agus is mór dá leiṫeidiḃ so do níṫí.


(Oír ni iṫid na Ṗairisíniġ, agus na Iúduiġe uile bíaḋ, muna nionnlaid síad a láṁa go minic, ag coiṁéd órduiġṫe na sinnsior.


Do ḟíafruiġeadar na Ṗairisiniġ agus na sgríobuiḋe ḋe tar éis sin, Créd fá náċ siuḃluid do ḋeisciobluilsi do réir órduiġṫe na sinnsior, aċd iṫid arán lé laṁuiḃ gan ionnlaḋ?


Uime sin a ndéunmáoid an dliġeaḋ neaṁṫaḃaċdaċ tré san gcreideaṁ? Nár léige Día sin: aċd fós, neartuiġemíd an dliġeaḋ.


Oír dá dtigiḋ neaċ do ṡeanmóruġaḋ Iósa eile, naċ dearnamairne ṡeanmóir nó da nglacuiḋ siḃ spiorad eile, nár ġlacaḃair ċuguiḃ, ná soisgeul eile, nar ġlacaḃir, dob iondéunta ḋíḃ a ḟúlang.


Agus gur mó ṫáinic mé ar maḋuiġ a gcreideaṁ na Niuduiġeaḋ ná morán dom ṁaca saṁla a measg mo ċiniḋ, ar mbeiṫ ḋaṁ ní as dúṫraċduiġe ag leanṁuin luirg mo ṡinnsear.


Ní ag cur ġrás Dé ar gcúl atáim: oír má ṫig trés an reaċd fíréuntaċd, is gan aḋḃar fuáir Críosd bás.


An náṁuid do áirduiġeas é féin ós cionn gaċ neiṫe dá ngoirṫear Día, nó do niṫear onóruiġeaḋ; ionnas go súiġfe sé mar Ḋía a dteampoll Dé, ḋá ċur a gcéill gur Día é féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan