Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 7:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḟreagair seision agus a duḃairt sé ríu, Go fírinneaċ is maiṫ do rinne Isaías fáiḋeadóireaċd ḃar dtimċeall a luċd an ḟúarċraḃuiḋ, mar a tá sgríoḃṫa, Onóruiġid an pobal so mé le na bpusuiḃ, aċd a tá a gcroiḋe a ḃfad úaim.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: A ḃréag-ċráiḃṫeaċa, is maiṫ a rinne Isaias tairngireaċt oraiḃ-se, mar atá scríoḃṫa: Molann an pobal seo mé le n-a mbeola, aċt is fada uaim a gcroiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus aduḃairt sé leo, Is maiṫ do rinne Ésáias tarngaireaċt i n‐ḃúr dtaoḃ, mar atá scríoḃṫa, Onóruiġeann an pobal so mé le n‐a mbéal, Aċt is fada uaim atá a gcroiḋe:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Aċ d’ḟreagair seisean iad agus duḃairt: Is maiṫ an targaireaċt a ḋein Isáias oraiḃ-se, a luċt an ḟill, mar a ḃfuil sgríoḃṫa: Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, aċ is fada uaim atá a gcroiḋe;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 7:6
14 Iomraidhean Croise  

¶ Uime sin a dúḃairt an Tiġearna, Do ḃríġ go ttairingid an ṁuinntirse láiṁ riom le na mbéul, agus go nonóruiġid le na bpuisiniḃ mé, aċt gur áṫruiġeadar a ccroiḋe a ḃfad uáim, agus gur múineaḋ a neagla dom ṫaóiḃsi maille re aiṫne ḋaóine:


Agus tigid síad ad ċoinne mar ṫigid an pobal, agus suiġid dot laṫair mar mo ḋaóinesi, agus cluinid do ḃríaṫra, aċt ní háill léo a ndéanaṁ: óir taisbeanuid síad mórán gráḋa le na mbéul, agus téid a ccroiḋe do réir a sainte.


Muna ḋéarnuinn oibreaċa na measg naċ dearna neaċ ar biṫe eile, ní ḃíaḋ peacaḋ orra: aċd a nois do ċunncadar agus fós do ḟúaṫuiġeadar misi, agus Maṫair.


Aċd atá éolus agam oruiḃse, naċ ḃfuil gráḋ Dé ionnuiḃ.


Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ contrárḋa ḋá ċéile, do sgáoileadar as sin, ar ráḋ na héinḃréiṫresi do Ṗól, Is maiṫ do laḃair an Spiorad Náoṁ tré san ḃfaiḋ Esaías ré ar naiṫreaċaiḃne,


Leigeas orrṫa féin ḃeiṫ díaġa, aċd do ḋíult do ċúṁaċd na díaġaċda: agus seaċainse a saṁuil sin.


Adṁuiġid síad eólas do ḃeiṫ aca air Ḋía; giḋeaḋ séunuid a ngníoṁarṫuiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ aḋḟúaṫṁar, easúṁal, agus mearuiġṫe a dtáoḃ gaċ uile ḋéaġoibbre.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan