Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 6:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus an tan ṫáinic an tsabbóid, do ṫionnsgain sé teagasg do ḋéanaṁ ann sa tsínagóig: agus do ġaḃ iongnaḋ mórán dá gcúalaiḋ é, ag ráḋ, Créd as a dtigid na neiṫeisi ċum an ḟirsi? agus créd í a neagna so tugaḋ ḋó, ionnas go ndéuntar a leiṫeide so do ṡuḃailciġiḃ tré na láṁuiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus nuair a ṫáinic an tsabóro, ṫoisiġ sé a teagasc san tsineagóig, agus ċuala mórán é agus rinne siad iongantas dá teagasc, ag ráḋ: Cá ḃfuair sé seo na neiṫe seo uilig? Agus cad é an eagna seo a tugaḋ dó, agus a leiṫéroí de ṁíorḃailte agus atá dá ndéanaṁ tré n-a láṁa?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair ṫáinig an tsabóid, do ṫosnuiġ sé ar ṫeagasc do ḋeanaṁ sa tsionagóig: agus ṫáinig iongnaḋ ar a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugaḋ do’n ḟear so, agus a ráḋ go ndéantar a leiṫéide d’oibreaċaiḃ móra tré n‐a láṁaiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus ṫáinig an tsabbóid, agus ċuaiḋ sé ag teagasg sa tsinagóig, agus ḋein a lán, nuair airíġeadar é, iongna d’á ṫeagasg, agus deiridís: Ca ḃfuair sé seo na neiṫe seo go léir? agus cad í an eagna a tugaḋ dó, agus a leiṫéid d’oibreaċaiḃ móra agus a déintear tré n-a láṁaiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 6:2
11 Iomraidhean Croise  

Agus do ġaḃ Iósa a dtimċeall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánúġaḋ gaċ tinnis agus gaċ éagcrúais a measg an ṗubail.


Agus tárla, an tan do ċríoċnaiġ Iósa na bríaṫrasa, gur ġaḃ úaṫḃas an pubal tré na ṫeagasgsan:


Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaiḃ ar feaḋ na Galilé uile, agus do ṫeilg sé na deaṁain a maċ.


Agus ar néirġe, as sin dó, táinic sé go críoċuiḃ Iúdea trés an dtáoḃ ṫall do Iórdan: agus do ċruinniġeadar slúaiġte a rís ċuige; agus, mar buḋ ġnáṫ leis, do ṫeaguisg sé íad a rís.


Agus do ġaḃ iongnaḋ gaċ uile ḋuine dá gcúalaiḋ é fá na ṫuigsin agus fá na ḟreagarṫaiḃ.


Agus do ṫeaguisg sé ann a síonagógaiḃ súd, ag faġáil glóire ó gaċ uile ḋuine.


Agus a duḃradar, An né naċ é so Iósa, mac Ióseṗ, agar ab aiṫnid dúinne a aṫair agus a ṁáṫair? ar a naḋḃarsin cionnus a déir sé, Do ṫuirrling mé ó neaṁ?


Agus do ḃí iongnaḋ air na Iúdaiḋiḃ, ag ráḋ, Cionnas as aiṫniḋ don ḟearsa léiġionn, agus nar ḟoġluim sé?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan