Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 5:43 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Agus do aiṫin sé ḋíoḃ do roiġéur, gan a ḟios so do ṫaḃairt déanduine; agus a duḃairt sé ní do ṫaḃairt don ċailín ré a iṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Agus dʼórduiġ sé dóiḃ go dian gan a ḟios a ḃeiṫ ag aoinneaċ, agus duḃairt sé rud a ṫaḃairt le h-iṫe dí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus d’órduiġ sé go dian dóiḃ gan faisnéis ’n‐a ṫaoḃ do ṫaḃairt d’aon duine: agus aduḃairt sé rud le n’iṫe do ṫaḃairt dí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ go dian gan a ḟios a ḃeiṫ ag aoinne, agus duḃairt sé rud le n-iṫe ṫaḃairt di.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 5:43
15 Iomraidhean Croise  

Agus an tráṫ ṫangadar a núas do tslíaḃ, do aiṫin Iósa ḋióḃ, ag raḋ, Na hinnisiḋ déinneaċ an ní do taiḋḃriḋeaḋ ḋáoiḃ, no go néirġe Man an duine ó ṁarḃaiḃ.


Agus a deir Iósa ris, Taḃair dod aire gan innisin do ḋuine ar biṫ; aċd imṫiġ, taisbean ṫú féin don tsagart, agus beir ċuige an tioḋlacaḋ do aiṫin Máoisi, mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.


Agus do hosglaḋ a súile; agus do ḃagair Iósa go géur orrṫa, ag ráḋ, Taḃraiḋ ḋa ḃur naire naċ ḃfuiġe duine ar biṫ a ḟios so.


Agus tar éis bagar air, do ċuir sé úaḋ é do laṫair;


Aċd do ḃagair séisean go mór orrṫa, do ċum naċ ḃfoilseoċaidís é.


Agus do éiriġ an cailín ar an mball, agus do ṡiuḃail sí; óir do ḃí sí a gcionn a dá ḃlíaḋan déug. Agus do ġaḃ úaṫḃás roṁór íadsan.


Agus do aiṫin sé ḋíoḃ gan sin dinnisin déainneaċ: aċd ni ḃfuil dá ṁéud dá dtoirmíosgaḋ seisean, naċ móide go mor dfoillsiġidsion é;


Agus ag teaċd dóiḃ a nuas on tslíaḃ, do áiṫin sé ḋíoḃ gan na neiṫe do ċonncadar dinnisin déin neáċ, no go neiséirġeaḋ Mac an duine ó ṁarḃuiḃ.


Agus tárla, an tan do ċuiḋ sé ċum bí na ḃfoċair, ar mbreiṫ ar a narán; go rug sé buiḋeaċas, agus ar na ḃriseaḋ, tug sé ḋóiḃsion é.


Agus do aiṫin sé ḋe gan a innisin do ḋuine ar biṫ: aċd imṫiġ, taisbéin ṫú féin don tsagart, agus íoḋbair ar son do ġlanta, mar do aiṫin Máoisi, mar ḟíaġnaisi ḋóiḃ.


Agus do ġaḃ úaṫḃás a haṫair agus a maṫair: giḋeaḋ do áiṫin seision díoḃ gan an ní do rinneaḋ dinnísin do ḋuine ar biṫ.


Ní ġaḃaimse glóir ó ḋáoiniḃ.


Ni don ṗobál uile aċd do na fíaḋnuisiḃ do ṫoġ Día roiṁ láiṁ, eaḋon dúinne, noċ do iṫ agus do iḃ na ḟoċair tar éis a éiseirġe ó ṁarḃaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan