Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do ṫuit cuid eile ḋe a náit cloċaiḋ, mar naċ raiḃ doiṁne ṫalṁan aige; agus ar ball dfás súas, do ḃríġ naċ raiḃ morán úir aige:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Aċt ṫuit cuid eile ar an talaṁ ċloċaċ, áit naċ raiḃ mórán cré aige, agus dʼḟás sé aníos láiṫreaċ, de ḃríġ naċ raiḃ doiṁne ċré aige;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ cloċaċ, i n‐áit naċ raiḃ mórán úire ann; agus d’ḟás sé suas láiṫreaċ, de ḃriġ naċ raiḃ aon doiṁneaċt cré aige:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus do ṫuit tuille ḋe ar áit i n-a raiḃ iomad cloċ, agus ní raiḃ puínn iṫreaċ aige ann, agus d’ḟás sé suas go tapaiḋ mar ní raiḃ an iṫir doiṁinn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:5
11 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃéara mé áon ċroiḋe aṁáin dóiḃ, agus cuirfiḋ mé spiorad núaḋ ionnuiḃ a stiġ; agus beanfa mé an croiḋe cloċaċ as a ḃfeóil, agus do ḃéara mé croiḋe féola ḋóiḃ:


Do ḃéara mé fós croiḋe núaḋ ḋiḃ, cuirfiḋ mé spiorad núaḋ a stiġ ionnuiḃ: agus beanfa mé an croiḋe cloċaṁail amaċ as ḃur ḃfeóil, agus do ḃéara mé croiḋe féola ḋiḃ.


Síolċuiriḋ ḋíḃ féin a nionracus, beanuiḋ a ttrócaire; brisiḋ súas ḃur ḃféarainn branair: óir is miṫid an TIĠEARNA díarruiḋ, nó go ttí sé agus go ḃfearuiḋ fíreuntaċt oruiḃ:


¶ An rioṫfuid eiċ air an ccaruic? an ttreaḃoċṫa aon le daṁuiḃ? óir dfilleaḃair breiṫeaṁnus ċum domblais, agus toraḋ a nionracuis a muinṁear:


Agus an té úd ann ar cuireaḋ an síol a ḃfearann ċloċaċ, a sé sud an té do ċluin an ḃríaṫar, agus ġaḃas ċuige é do láṫair maille re gáirdeaċas;


Agus tárla ag cur an tsíl dó, gur ṫuit cuid de ċois na sliġe, agus tangadar éanlaiṫ an aiéir, agus diṫeadar é.


Agus ar néirġe don ġréin do dóiġeaḋ é le teasḃaċ; agus do ḃríġ naċ raiḃ fréuṁ aige do ṡearg sé.


Agus an dream úd air an gcarruic, noċ an tan do ċluinid, gaḃuid ċuca an briaṫar maille lé gáirdeaċus; aċd ní ḃfuil fréaṁ aca so, noċ ċreideas feaḋ tamuill, agus ḟilleas ar a nais a naimsir an ċaṫaigṫe.


Agus do ṫuit cuid eile ar ċarraic; agus ar ḃás dó, do ṡearg sé, do ḃríġ naċ raiḃ taisleaċ aige.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan