Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireaḋ, an síol, a ḃfearann ċloċaċ; noċa, éisdeas an ḃriaṫar, agus ġaḃus ċuca í do láṫair maille ré gáirdeaċus;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus mar an gcéadna, an luċt ma gcuirtear an síol ar an talaṁ ċloċaċ, is iad seo iad, nuair a ċluin siad an briaṫar, a ġlacas é láiṫreaċ le lúṫġáir,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ar an gcuma ċéadna, na daoine gur cuireaḋ an síol i n‐áiteannaiḃ cloċaċa ionnta, is iad‐san na daoine ġlacas ċuca an briaṫar ar an láṫair le h‐áṫas nuair a ċloiseas siad é;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus mar an gcéadna an ṁuintir a ġlacann an síol ins na cloċaiḃ, siniad an ṁuintir, nuair a ḋ’airiġid siad an briaṫar, a ġlacann láiṫreaċ é le h-áṫas,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:16
14 Iomraidhean Croise  

Agus do ṫuit cuid eile ḋe a ḃfearan ċloċaċ, mar naċ raiḃ móran úire aige: agus do ḟás sé go lúaṫ, do ḃríġ naċ ḃfúair sé doiṁneaċd na talṁan:


Agus is íad so an drong a tá láiṁ ris a tsliġe, ann a gcuirṫear an ḃríaṫar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógḃuiḋ sé úaṫa an bríaṫar do siólaḋ an a gcroiḋṫiḃ.


Agus ní ḃfuil fréuṁ aca ionnta féin, aċd fanuid ar feaḋ tamuill: agus na ḋiáiġ sin, an tan éirġeas trioblóid agus buáiḋirt tríd an mbréiṫir, ar an mball do ġeiḃid síad oilḃéim.


Oír do ḃí eagla Eóin ar Iorúaiṫ, ar mbéiṫ a ḟeasa aige gur ḋuine coṁṫrom náoṁṫa é, agus do ċoiṁéd sé é; agus ar néisdeaċd ris, do níoḋ sé mórán, agus do éisdeaḋ sé ris go toileaṁail.


Agus an dream úd air an gcarruic, noċ an tan do ċluinid, gaḃuid ċuca an briaṫar maille lé gáirdeaċus; aċd ní ḃfuil fréaṁ aca so, noċ ċreideas feaḋ tamuill, agus ḟilleas ar a nais a naimsir an ċaṫaigṫe.


Do ḃí seisean na loċrann lasárrḋa agus ṡolasda: agus do ṫrograḃairsi ar feaḋ tamaill gáirdeaċus do ḋéunaṁ ann a ṡolus.


A duḃairt Agrippa an tan sin ré Pól, Is beag náċ ttairrngeann tú mé ċum ḃeiṫ am Ċríosduiġe.


Agus do ċreid Síomón féin mar an gcéudna: agus ar na ḃaisdeaḋ, do ċóṁnuiġ sé a ḃfoċair Ṗilib, Agus ar ḃfaicsin dó na gcoṁarṫaḋ agus na miorḃuileaḋ móra ḋá ndéunaṁ, do ġaḃ úaṫḃás é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan