Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 4:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a duḃairt sé ríu, Is dáoiḃsi a tugaḋ éolus ar ṡeicréid ríoġaċda Dé: aċd ris an dréim atá leiṫ a muiġ, deirṫear gaċ éinní a ccosaṁlaċduiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus duḃairt sé leo: Is díḃ-se a tugaḋ eolas a ḃeiṫ agaiḃ ar rúindiaṁair ríoġaċt Dé; aċt leoḃṫa sin atá taoḃ amuiġ deirtear gaċ níḋ i ḃfáiṫscéalta,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus aduḃairt sé leo, Tugaḋ eolas daoiḃ‐se ar rúin‐diaṁraiḃ ríoġaċta Dé: aċt dóiḃ‐sean atá amuiġ, déantar gaċ niḋ i saṁlaoidiḃ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se eólus d’ḟáġail ar rúndiaṁ raiḃ ríġeaċta Dé, aċ do’n ṁuíntir sin atá lasmuiġ, deintear gaċ níḋ i soluídíḃ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 4:11
20 Iomraidhean Croise  

Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.


Aċd as beannaiġṫe ḃur súilesi, do ḃríġ go ḃfaicid síad: agus ḃur gclúasa, do ḃríġ go gcluinid síad.


Agus ar ḃfreagra Diósa an tráṫsin a duḃairt sé ris: As beannuiġṫe ṫú, a Ṡímoin ṁic Ióna: óir ní féoil ná fuil do ḟoillsiġ sin duit, aċd Maṫairsi a tá air neaṁ.


Agus do ġoir sé ċuige íad, agus a duḃairt sé a gcosaṁlaċduiḃ ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do ṫeilgean amaċ?


Agus an tan do ḃí sé na áonar, do ḟíafruiġeadar an ṁuinntir do ḃi na ḟoċair maille ris an dá ḟear ḋéug an ċosaṁlaċd ḋe.


Agus do ṫeaguisg sé mórán dóiḃ a gcosaṁlaċduiḃ, agus a duḃairt sé ríu an a ṫeagasg,


Agus a duḃairt seisean, Is dáoiḃsi tugaḋ rúndiaṁra rioġaċda Dé daiṫniuġaḋ: aċd do ċáċ eile a ccosaṁlaċduiḃ; ionnus ag faicsin dóiḃ naċ ḃfaicdís, agus ag cluinsin dóiḃ naċ dtuigfidís.


Oír cía ċuireas ar leiṫ ṫusa? agus créud atá agad naċ ḃfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fá ndéanann tú glóir as, mar naċ glacta é?


Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.


Ag foillsiuġaḋ ḋúinne ruindíaṁair a ṫola, do réir ḋéaġḟuinn féin noċ do ċuir sé roiṁe ris féín:


Siúḃluiḋ go héagnuiḋe a dtáoḃ na druinge atá a muíṫ, ar mbeiṫ ḋíḃ ag fúasglaḋ na haimsire.


Ċum siḃ féin diomċar go cuḃaiḋ a dtáoḃ na druinge atá don táoḃ amuiṫ, agus ionnus náċ bíaḋ uireasḃuiḋ éinneiṫe oruiḃ.


As cóir ḋó fós deaġṫeisd do ḃeiṫ air ag an druing atá a muiṫ; deagla go ḃfuiġeaḋ se sgannuil agus go dtuitfeaḋ sé a ndul an díaḃal.


Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan