8 Agus ar an mball ar na aiṫne Diósa an a spíoraid féin go raḃadarsan ag smuáintiuġaḋ mar sin ionnta féin, a duḃairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neiṫesi an ḃur gcroiḋṫiḃ?
8 Ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ ina Spiorad féin go raiḃ siad ag maċtnaṁ mar sin ina n-aigne, agus deir sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag smaoineaḋ ar na neiṫe sin i ḃur gcroiḋṫe?
8 Agus ar an láṫair, ar n‐a ḟeiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an maċtnaṁ do ḃi ’n‐a n‐aigne aca, aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeit ag maċtnaṁ mar sin i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?
8 Agus ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ, i n-a spioraid féin, an maċtnaṁ a ḃeiṫ ’n-a n-aigne acu-san, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an maċtnaṁ san a ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?
Atá a ḟios agam mar an gcéadna, ó mo Ḋía, go ḃféaċann tusa an croiḋe, agus go ḃfuil sólás agad annsa ḃfíréantaċd. Ar mo ṡonsa, a nionnracus mo ċroiḋe dofráil mé na neiṫesi uile go toileaṁuil: agus do ċonnuirc mé anois maille re gáirdeaċus do ṗobal, noċ atá a laṫair annso, ag ofráil go toileaṁuil duitsi.
Tréigeaḋ an droċduine a ṡliġe, agus an duine neiṁḟíréanta a smuaintiġṫe: agus filleaḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus do ḋéana sé trócaire air; agus ċum ar Ndénne, óir maiṫfiḋ sé go líonṁar.
Is marso a deir an Tiġearna DIA; Tiucfuiḋ a ccríċ mar an ccéadna, annsa namsin féin go ttiucfuid neiṫe ann hinntinn, agus go smuáineoċa tú droċsmuáineaḋ:
Aċd daiṫin seisean a smúaintiġṫe, agus a duḃairt sé ris an duine agá raiḃ an láṁ ṡeargṫuiġ, Eiriġ, agus seas a lar ċáiċ. Agus do éiriġ seision agus do ṡeas sé.
A duḃairt sé ris an treas uáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misí? Do ġaḃ doilġeas Peadar do ḃríġ go nduḃairt sé ris, A Ṫiġearna, atáfios na nuile neiṫer agadsa; atá a ḟios agad gur ab ionṁuin leam ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.
Ann sin a duḃairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do ċróiḋe do ḋéunaṁ bréige leis an Spiorad Náoṁ, agus do ċungḃáil coda éigin do lúaċ an ḟearuinn go foluiḋṫeaċ?
Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.