Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ḃriġ nár ḃéidir léo teaċd a ngar ḋó ón tslúaġ, do noċadar mullaċ an tiġe an a raiḃ sé: agus ar na ṗollaḋ ḋóiḃ, do léigeadar sios lé téudiḃ an leabuiḃ ann a raiḃ na pairilisi na luiġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus mar nárḃ ḟéidir leo é a ṫaḃairt ina láṫair mar ġeall ar an tsluaġ, noċt siad mullaċ an tiġe ina raiḃ sé, rinne poll air, agus leig síos an tsráideog ar a raiḃ fear an ġalair ċreaṫaiġ ina luiġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus, de ḃriġ nárḃ ḟéidir ḋóiḃ teaċt i ngar dó mar ġeall ar an sluaġ, do noċtadar bárr an tiġe i n‐a raiḃ sé: agus do rinneadar foscailt ann, agus do leigeadar síos an leaba ar a raiḃ an fear pairiliseaċ ’n‐a luiġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus nuair ná féadfaidís é ṫaḃairt ’n-a láṫair, mar ġeall ar an mbrúṫ, do noċtadar bara an tiġe sa n-áit ’n-a raiḃ sé, agus ḋeineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n-a luiġe ar leabaiḋ, an duine a bí gan lúṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:4
3 Iomraidhean Croise  

Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.


Agus an tráṫ naċ ḃfuaradar cáoi ar a ṫaḃairt a sdeaċ tré ṁéud ná cuideaċda, do ċúadar súas ar a tiġ, agus do léigeadar é féin, agus a leabuiḋ sios tríd an slinnteaċ ar lár, a ḃfíaġnuisi Iósa.


¶ A nuáir do ḋéana tú tiġ núaḋ, annsin do ḋéana tú caissiolloċta ar a uaċdar, ċor naċ ttairreonga tú fuil ar do ṫiġ, má ṫuitionn éanduine ḋe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan