Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ar an mball do ċruinníġeadar móran a gceann a ċéile, ionnas nar ṫuilleadar ann sna hionadaiḃ a dtimċeall ann doruis: agus do rinne sé an ḃriaṫar do ṡeanmóir ḋóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ċualaṫas go raiḃ sé i dtiġ, agus ċruinniġ mórán le ċéile, ionnas naċ raiḃ áit fiú ag an doras, agus ġníoḋ sé an briaṫar a ṡeanmóir dóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċruinniġ a lán daoine le ċéile, i dtreo naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ ann, ná i dtimċeall an dorais féin: agus do laḃair sé an briaṫar leo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do h-airiġeaḋ go raiḃ sé i dtiġ ann, agus do ċruinniġ a lán daoine ann, i dtreó ná raiḃ slíġ ḋóiḃ sa tiġ ná ag an ndorus féin, agus ḃí an briaṫar aige d’á laḃairt leó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:2
20 Iomraidhean Croise  

Do ṡoisgéil mé ṫfíréuntaċt annsa gcoiṁṫionól ṁór: féuċ, níor connuiṁ mé mo ḃéul, is aiṫne ḋuit, a ṪIĠEARNA.


Agus ar nosglaḋ a ḃéil ḋó, do ṫeagaisg sé iád, ag ráḋ,


Agus tar éis Eóin do ċur a bpriosún, táinic Iósa don Ġalilé, ag seanmoir soisgéil rioġaċda Dé,


Agus do ḃí an ċaṫair uile ar gcruinniuġaḋ ċum an doruis.


Agus an tan fúaradar é, a duḃradar ris, Atá gaċ áonduine dod íarruiġ.


Agus ar nimṫeaċd dósan a maċ do ṫionnsgain sé mórán dḟoillsiuġaḋ, agus an ní do ċur ós aird, ionnas naċ raiḃ neart ag Iósa dul a sdeaċ sa gcaṫruiġ ós aird, aċd ḃeiṫ a muiġ a nionaduiḃ fásaṁla: agus tangadar ċuige as gaċ uile aírd.


Agus a gcionn ḃeagáin aimsire na ḋíaġ sin do ċuáiḋ sé a rís go Capernáum; agus do clós eisean do ḃéiṫ a dtiġ.


Agus do ċúaiḋ sé a maċ a rís ċum na fairge; agus táinic an slúaġ uile ċuige, agus do ṫeaguisg sé íad.


Agus ar ndul a maċ Diósa, do ċonnairc sé an slúaġ mór, agus do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋóiḃ é, óir do ḃádar mar ċáorċa gan áoḋaire aca: agus do ṫiónnsgain sé mórán do ṁúnaḋ ḋóiḃ.


Fa a námsin, ar mbeiṫ do ṗubal gan airṁeaḋ ar na ccoṁċruinniufgaḋ, ionnus go raḃadar ag saltairt ar a ċéile, do ṫionnsgain sé a raḋ re na ḋeisciobluiḃ ar tús, Coṁéaduiġ siḃ féin ar laiḃin na Ḃṗairsineaċ, eaḋon an fuarċraḃaḋ.


Agus tárla go raiḃ sé lá áiriġe, ag teagasg, agus go raḃadar na Ṗairisíniġ agus doctúirí an dliġe na suiḋe a láṫair, noċ ṫáinic as gaċ uile ḃaile don Ġalilé, agus do ṫir Iúdaiġe, agus ó Jerusaléim: agus do ḃí cuṁaċda an Tiġearna ċum a slánuiġṫe.


Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ṡioḃuil seisean tré gaċ caṫair, agus gaċ baile, ag seanmóruġaḋ, agus ag siosgéuluġaḋ ríoġaċda Dé: agus an dá ḟear ḋég na ḟoċair,


Ag so an ċosaṁlaċd: a sé an síol bríaṫar Dé.


Tuilleaḋ eile an dream do ḃí ar na sgaraḋ trés an mbuáiḋirt do éiriḋ ar son Steaṗáin do ṡiuḃladar go Ṗenícia, agus go Cíprus, agus go Hantíoċía, gan an ḃriaṫar do laḃairt ré héinneaċ aċd ris na Iúdaiġiḃ aṁáin.


Agus ar laḃairt na ḃréiṫre ḋoiḃ a Bperge, do ċúadar síos go Hatália:


Agus ar ngaḃáil tré Ṗrígia agus tré ċríċ na Galátia ḋóiḃ, do ṫoirmisg an Spiorad Náoṁ íad an ḃríaṫar do laḃairt sá Násia,


Uime sin, ar ndéunaṁ fíaḋnuise ḋóiḃsion, agus ar laḃairt ḃréiṫre Dé, dfilleadar go Híarusalém, agus do ṡeanmóraiġeadar an soisgéul a mórán do ḃailtiḃ na Samáritaneaċ.


Aċd créd a deir sí? Atá an ḃríaṫar a ngar ḋuit, ann do ḃéul, agus an do ċroiḋe: a sí so, bríaṫar an ċreidiṁ, do nimíd do ṡeanmóir;


Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan