Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 2:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do éiriġ seisean ar an mball, agus ar dtógḃáil a leabṫa, do ċuáiḋ sé a maċ na ḃfíaḋnuisi uile; ionnas gur ġaḃ úaṫḃás íad uile, agus go dtugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Ní ḟacamairne a leiṫeid so a ríaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus dʼéiriġ sé ar an ḃomaite, ṫóg leis a ṡráideog, agus dʼimṫiġ sé i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann, ionnas gur ġaḃ iongantas iad uilig agus go dtug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: Ní ḟacamar a leiṫéid ariaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus d’éiriġ seisean ar an láṫair, agus do ṫóg sé a leaba, agus d’imṫiġ sé amaċ i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann; i dtreo go raiḃ uaṫḃás orṫa uile, go dtugadar glóir do Ḋia, agus iad ’g‐a ráḋ, Ní ḟacamar a leiṫéid seo riaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus d’eiriġ an duine láiṫreaċ agus ṫóg sé suas an leabaiḋ agus d’imṫiġ sé, os cóṁair a súl go léir, i treó go raiḃ iongna orṫa go léir agus gur ṫugadar onóir do Ḋia, agus, Ní ḟeacamair riaṁ a leiṫéid, a deiridís.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 2:12
13 Iomraidhean Croise  

Agus do ġaḃ iongantus an pubal uile, agus a duḃradar, A né naċ é so mac Ḋáiḃi?


Ionnas gur ġaḃ iongantus an slúaġ, an tan do ċonncadar na balḃáin ag laḃairt, agus na dáoine ciorṫuimeaċa slán, na bacaiġ ag sioḃal, agus a raḋarc ag na dallaiḃ: agus tugadar gloír do Ḋía Israel.


Agus tar éis an deaṁan do ṫeilgean a maċ, do laḃair an balḃán: agus do ġaḃ iongantas an pubal, ag ráḋ, Ní ḃfacas a leiṫéide so a Níosrael ríaṁ.


Aċd an tan do ċunnairc an pubal an nisí, do ġaḃ iongantas íad, agus tuagadar glóir do Ḋía, ṫug a leiṫeide sin do ċuṁaċdaiḃ do ḋáoiniḃ.


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, ionnus gur ḟíafruiġeadar eatorra féin, ag ráḋ, Créd é so? créd é an teagusg núaḋ so, go gcuireann sé smaċd maille ré cuṁaċduiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana, agus do núṁluiġid ḋo,


A deirimsi riot, Eiriġ, agus tóguiḃ do leabuiḋ, agus imṫiġ dod ṫiġ.


Agus do ċuir se a láṁa uirre: agus do rinneaḋ díreaċ ar ball í, agus tug sí glóir do Ḋía.


Aċd fear aca, mar do ċuinnairc sé é féin ar na ṡlánuġaḋ, dfill sé air, ag molaḋ Dé do ġuṫ ṁór,


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, agus do ṁoladar Día, agus do líonaḋ deagla íad, ag ráḋ, Do ċoncamair neiṫe doiċreidte a niuġ.


Agus do ġaḃ eagla íad uile: agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Déirġe fáiḋ mór an ar measg; agus, Dféuċ Día ar a ṗobal féin.


Agus do ċreideadar mórán don ṗobal ann, agus a duḃradar, An tan ṫiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa ṁó do ṁíorḃuiliḃ ná do rinne an fear so?


Ní clos ó ṫósaċ an tsáoġail gur osguil éainneaċ súile duine do ruġaḋ dall.


Agus ar ndéanaṁ bagair ḋoiḃsean, do léigeadar úaṫa íad, mar naċ ḃfúaradar sliġe ar biṫ ċum pionúis do ṫaḃairt dóiḃ, ar son an ṗobail: oír ṫugadar uile glóir do Ḋía ar son a neiṫe do rinneaḋ ann.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan