Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 16:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ar ndul don tsabbóid ṫárrsa, do ċeannuiġ Muire Magdalén agus Muire maṫair Ṡéumuis, agus Salóme, spíosraḋ deaġḃaluiḋ, ċum go dtiocfaidis agus go nungfaidis é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus nuair a ḃí an tsabóid ṫart, ċeannuiġ Máire Magdailéin agus Máire, máṫair Ṡéamuis, agus Salome spíosraiḃe cuṁra le ṫeaċt agus Íosa dʼungaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair do ḃí an tsabóid ṫart, do ċeannuiġ Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais, agus Salómé spíosraiḋe, ċum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus nuair a ḃí an tsabbóid imṫiġṫe ċeannuiġ Máire Ṁagdalén agus Máire, máṫair Ṡéamuis, agus Salómé, spíosra cúṁrṫa ċun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 16:1
19 Iomraidhean Croise  

Agus do aíṫṫin Ioseṗ dá ṡearḃfoġantuiḃ na leaġa, a aṫar do ḃalmnuġaḋ: agus do ḃalmnuiġeadur na leaġa Israel.


Agus do aḋlaiceadar é iona ṫúama feín, noċ do rinne sé ḋó feín a ccaṫruiġ Ḋáiḃi, agus do ċuireadar é annsa leabuiḋ do ḃí lán do ḋeaġḃoluiḋiḃ agus do ṁórán sórt spíosraḋ ar na ngleús dealaḋuin an ṗotecari: agus do rinneadar loscaḋ roṁór ar a ṡon.


Agus ar mbeiṫ ḋó a Mbetánia, a dtiġ Ṡimóin an loḃair, ar suiḋe ḋó ar an mbord, táinic bean agá raiḃ bocsa ola, do spícnárd ṁórlúaiġe; agus ar mbriseaḋ an ḃocsa ḋi, do ḋóirt sí ar a ċéann é.


A ní dob éidir lé do rinne sí é: ṫáinic sí roiṁe láiṁ dungaḋ mo ċuirpso ċum a aḋluice.


Agus do ḃádar mar an gcéudna mná a ḃfad úaḋ ag féaċain: eidir a raiḃ Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ṡéumuis ḃig agus Ióses, agus Salómé;


Agus a nois ar dteaċd don tráṫ nóná, (do ḃriġ gur ḃé lá an ullṁuiġṫe é, eaḋón, an lá roiṁ an tsabbóid,)


Agus do ḃi Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ióses ag féuċain gá háit a gcuirfiḋ é.


Agus tangadar go roṁoċ ar maidin an ċéd lá don tseaċdṁuin, ċum an túama lé héirġe na gréine.


Agus ar nimṫeaċd dóiḃsean a maċ go deiṫniosaċ, do ṫeiṫeadar ón túama; óir do ḃí críṫ agus úaṫḃás orrṫa: agus níor laḃradar ní ar biṫ ré héinneaċ; óir do ḃí eagla orrṫa.


Agus do bé sin lá a nullṁuiġṫe, agus do ḃí an tsabbóid ag druid ríu.


Agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ dullṁuiġeadar spíosruiḋe deaġḃaluiḋ agus uinnímentiġe; agus do ċoṁuuiḋeadar lá na sáḃoide do réir na háiṫne.


Agus an céadlá don tseaċdṁuin, tangadar go roṁoċ ar maidin, ċum an túama, ag taḃairt léo na neiṫeaḋ deaġḃaluiḋ dullṁuiġeadar, agus mná áiriġe eile maille ríu.


Agus do ḃí a ṁaṫair na seasaṁ a naice croiċe Iósa, agus deirḃṡíur a ṁaṫar, Muire bean Ċleoṗas, agus Muire Ṁagdalén.


Ann sin na Iúdaiġe, do ḃríġ go raiḃ lá a nullṁuiġe ann, ionnus naċ ḃfanfaidís na cuirp ann sa ċroiċ sa tsabbóid, (óir ba mór an lá sin na sábbóide,) díarradar ar Ṗíoláid a luirgbe ḃriseaḋ, agus a dtaḃairt a núas.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan