Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 13:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Aċd taḃruiḋsi ḃur naire riḃ féin: óir béuruid síad siḃ a láṫair coiṁṫionól; sgiúrsfuiḋear sna sinagogiḃ siḃ: agus béarṫar siḃ a ḃfíaḋnuisi úaċdaran agus ríoġ ar mo ṡonsa mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Aċt feicigiḋ ċugaiḃ féin. Óir ḃéarfaiḋ siad ar láiṁ siḃ i gcóṁairleaċa, agus sciúrsálfar siḃ i sineagóga, agus seasóċaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríġṫe ar mo ṡon-sa mar ḟiaḋnaise dóḃṫa-san.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Aċ féaċaiḋ ċúġaiḃ féin. Óir taḃarfaid siad i láṫair na gcóṁairlí siḃ, agus sgiúrsálfar siḃ ins na sinagógaiḃ, agus seasóċaiḋ siḃ i láṫair ríġṫe agus uaċtarán mar ġeall orm-sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 13:9
37 Iomraidhean Croise  

Aċd a deirimsi riḃ, Gaċ neaċ do ní fearg re na ḋearḃráṫair gan aḋḃar buḋ cionntaċ don ḃreiṫeaṁnus é: agus gíoḋ bé neaċ a déaruiḋ ré na ḋearḃráṫair, Raca, buḋ cionntaċ do ḃreiṫ na coṁairle é: agus gioḋ bé a déaruiḋ, A amadain, buḋ cionntaċ é do ṫeiniġ ifeirn.


Agus a duḃairt sé ris, Taḃair dod aire naċ innéosa tú déinneaċ é: imdiġ, taisben ṫú féin don tsagart, agus ioḋbair ar son do ġlanta na neiṫe do aiṫin Máoise, mar ḟíadnuisi ḋóiḃ.


Agus ag fregra ḋóiḃ do ṫionnsgain Iósa a ráḋ, Taḃruiḋ dá ḃur naire naċ meallfuiḋ éinneaċ siḃ:


Oír éiréoċuiḋ cineaḋ a naġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċd a naġaiḋ ríoġaċda: agus bíaiḋ criṫ talṁan a nionaduiḃ iomḋa, agus biáiḋ gorta agus buáiḋreaḋ ann: ag so tosaċ aṁgar.


Agus giḋ bé ar biṫ naċ géuḃa siḃ, agus naċ éisdfi riḃ, ar nimṫeaċd diḃ as sin, craiṫiḋ an lúaiṫreaḋ ḃías fá ḃar gcosaiḃ mar ḟíaḋnuisi na naġuiḋ. Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur fá socaṁluiġe de Ṡodom nó do Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnuis, ná don ċaṫruiġ sin.


Agus giḋ bé naċ géuḃuiḋ ċuca siḃ, ar ḃfagḃáil na caiṫreaċasin dáoiḃ, craiṫiḋ fós an lúaṫbreaċán dá ḃur gcosniḃ mar ḟíaḋnuisi na naġaiḋ.


Cuiṁniġiḋ ar an mbreiṫir a duḃairt mé riḃ, Ní mó an searḃḟoġantaiḋ ná a ṁaiġisdir. Má ġérleanadar misi, gérleanfuid siḃsi mar an gcéudna; má ċoiṁéudadar mo ḃríaṫarsa, coiṁéudfuid ḃur mbriaṫarsa mar an gcéadna.


Cuirfid síad as na sínagóguiḃ siḃ: agus fós, tig a nuáir, giḋ bé ṁuirfeas siḃ go mḃreaṫnóċa sé go ndéanann sé seirḃis do Ḋía.


Agus ar dteaċd ċugainne ḋó, do ġlac sé crios Ṗóil, agus ag ceangal a láṁa agus a ċosa féin, a duḃairt sé, Mar so a deir an Spiorad Náoṁ, Is ar an gcorsa ċeingéoluid na Iúdaiḋe an té lér leis an ċrios so a Niarusalém, agus do ḃéuruid síad a láiṁ na Gcineaḋaċ é.


Agus ar na gclós só ḋóiḃsion, do goinaḋ ann a gcróiḋṫiḃ íad, agus do ḃádar ag cognaṁ a ḃfiacal na aġaiḋ.


Oír foillséoċaiḋ misi ḋó créud é méud na neiṫeann is éigin dó ḟulang ar son manmasa.


Oír tugaḋ ḋíḃse a naisgiḋ ar son Ċríosd, ní hé aṁáin creideaṁ ḋíḃ ann, aċd mar an gcéudna fulang ar a ṡon;


Coṁarṫa follas ar ċeart ḃreiṫeaṁnuis Dé, ionnus go measfuiḋe gur fíu siḃse ríoġaċd Dé, ar son a ḃfuiltí fós ag fulang:


Tuguiḋ aire riḃ féin, naċ léigfeam amúġa na neiṫer do ṡáoṫruiġeamar, aċd go maḋ héidir linn lánlúaċ sáoṫair do ġlacaḋ.


Do ḃí misi Eóin, ḃur ndearḃráṫair, agus ḃur gcóṁċompánaċ a dtáoḃ ḃuáiḋearṫa, agus ríoġaċda agus ḟúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirṫear Patmos, ar son ḃreiṫre Dé, agus ar son ḟíaḋnuise Iósa Críosd.


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan