Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 13:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Aċd an tan do ċluinfiḋe coguiḋ agus túarasgḃála cogṫaḋ, ná bíoḋ trioblóid aruiḃ: óir is éigin íad so do ṫeaċd: aċd ní deireaḋ é fós.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus nuair a ċluinfeas siḃ fá ċogṫa agus fá ṫuarascḃála cogaḋ, ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir is éigean do na neiṫe sin a ḃeiṫ ann, aċt ní h-é an deireaḋ é go fóill.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ráflaí ar ċogaḋ, ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ: caiṫfiḋ na neiṫe seo teaċt; aċt ní ḟuil an deireaḋ ann fós,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Aċ nuair a ḋ’aireóċaiḋ siḃ cogaí agus ráflaí ar ċogaíḃ, ná bíoḋ eagal oraiḃ, óir ní foláir iad san a ḃeiṫ ann; aċ ní hé au deire fós é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 13:7
17 Iomraidhean Croise  

Oír caiṫfiom bás dfulang, agus atámaóid mar uisge do ḋóirtfiḋ ar an dtalaṁ, naċ féidir do ċruinniuġaḋ a ris; agus ní ṁeasann Día pearsa, tar a ċéile: giḋeaḋ do ní sé sliġe, naċ scriosfuiḋe a ḋíbearṫaċ uaḋ.


Ní ḃiáiḋ eagla air roiṁe ḋroiċscéuluiḃ: atá a ċroiḋe diongṁalta, ag cur a ḋóṫċuis san TIĠEARNA.


Dá ccampuiġeaḋ slúaġ am aġuiḋ, ní ḃía eagla air mo ċroiḋe: dá neirġeaḋ cogaḋ am aġaiḋ, annso ḃías mé dóṫċusaċ.


Ná bíoḋ eagla ort re húaṁan obann, nó re dólás na nolc, a nuáir ṫiucfas sé.


Na habraiḋ si, Osaḋ, re gaċ a naibeoruiḋ an pobalso, Osaḋ; agus ná bíoḋ eagla a neaglasan oruiḃsi, agus ná bíṫí úaiṁneaċ.


Deagla go laigeoċaḋ ḃur ccroiḋe, agus go neagloċaḋ siḃ leis an sgéul do ċluinfiḋe annsa tír; tiucfa iomráḋ a mblíaḋuin, agus na ḋiáiġsin a mblíaḋuin oile tiucfa iomráḋ, agus foiréigion annsa tír, úaċtarán a naġaiḋ úaċdaráin.


Is mairgneaċ don doṁan ar son oilḃeimeann! oir is éigin do na hoilḃéimeannaiḃ teaċd; aċd ċeana is anáoiḃin do duine tré a dtig an toilḃéim!


Aċd an tráṫ do ċuálaiḋ an rí Ioruaṫ sín, do ḃí sé ar na ḃúaiḋreaḋ, agus Iárusaleim uile maille ris.


Oír tiucfuid mórán am ainmsi, ag ráḋ, Gur misi é; agus meallfuid mórán.


Oír éiréoċuiḋ cineaḋ a naġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċd a naġaiḋ ríoġaċda: agus bíaiḋ criṫ talṁan a nionaduiḃ iomḋa, agus biáiḋ gorta agus buáiḋreaḋ ann: ag so tosaċ aṁgar.


Na buáiḋearṫar ḃur gcroiḋesi: creidíḋ a Ndía, agus creidíḋ ionnamsa.


Fágḃuim síoḋċain aguiḃ, do ḃeirim mó ṡíoḋċáin féin ḋaóiḃ: ní mar do ḃeir an sáoġal, do ḃeirimsi ḋaóiḃ. Ná buaiḋearṫar ḃur ccroiḋe, agus ná bíoḋ eagla air,


Ag miniuġaḋ agus a dearḃuġaḋ, gur ḃéigin do Ċríosd fulang, agus éiriġe a rís ó ṁarḃuiḃ; agus gur ab é so Críosd, an Tiosa do nímsi ṡeanmóir ḋáoiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan