Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 13:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus is éigin an soisgéul do ṡeanmóir do na huile ċineaḋaċuiḃ ar tús.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Agus is éigean an soiscéal a ṡeanmóir ar dtús do na ciniḋeaċa go h-uile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus caiṫfear an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ar dtús ar fud na gcineaḋ uile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do ċraoḃsgaoileaḋ ċun na ngeinte go léir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 13:10
10 Iomraidhean Croise  

Eiréoċaiḋ luċd Nineḃeh a mbréiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimneoċaid síad é: óir do rinneadarsan aiṫriġ ag seanmoir Iónas; agus, féuċ, a tá neaċ is mó ná Iónas ann so.


Agus do ḋéantar an soisgéulsa na ríoġaċda do ṡeanmóir ar feaḋ an doṁain uile; mar ḟíaḋnuisi do na huile ċineaḋaċuiḃ; agus ann sin tiocfuiḋ an deireaḋ.


Agus a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ ar feaḋ an doṁain uile, déanuiḋ an soisgéul do ṡeanmóir do gaċ uile ċreatúir.


Ar tús, beirim buiḋeaċus ré mo Ḋía féin tré Iósa Críosd ar ḃur sonsa uile, do ḃríġ go ḃfuil túarasgḃáil ḃúr gcreidṁe ar feaḋ an doṁain uile.


Aċd a deirimse, A né naċ ccúaladar? Do ċuáiḋ a ḃfuáim go deiṁin fá gaċ uile ṫalaṁ, agus a mbríaṫra go leiṫimeal an doṁain.


Maille ré cúṁaċd ċóṁarṫaḋ agus ṁíorḃuileaḋ, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur ċóiṁlíon mé soisgéil Ċríosd, ó Ierusalem, agus na timċeall go soiṫe Illiricum.


Má ċóṁnuiġeann siḃ go fonndameinteaċ daingean sa gcreideaṁ, gan ḃeiṫ ḋíḃ ar ḃur naṫruġaḋ ó ṁuiniġin an tsoisgéil, noċ do ċúalaḃair, agus do rinneaḋ ṡeanmóir dá gaċ uile ċreatúr atá faói neaṁ, dá ḃfuilimse Pól am ṁinisdir;


Noċ ṫáinic ċuguiḃse, coṁmaiṫ ris an ndoṁan uile; agus do ḃeir toraḋ úaḋa, mar do ḃeir ḃur measgsa, ón lá fá gcúalaḃair, agus fá ḃfúaraḃair éola air ġrás Dé go fírinneaċ:


Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag eitealluiġ a meaḋón neiṁe, agá raiḃ soisgéul síorruiḋe ċum a ṡoisgéulta don druing áitreaḃas an talaṁ, agus do nuile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan