Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ar néirġe, as sin dó, táinic sé go críoċuiḃ Iúdea trés an dtáoḃ ṫall do Iórdan: agus do ċruinniġeadar slúaiġte a rís ċuige; agus, mar buḋ ġnáṫ leis, do ṫeaguisg sé íad a rís.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ar éirġe as sin dó, ṫáinic sé go críoċa Iudaia taoḃ ṫall deʼn Iordáin, agus ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís, agus mar ba ġnáṫaċ leis, ṫug sé teagasc arís dóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ag imṫeaċt dó, ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán: agus do ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís; agus, mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisc sé arís iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus ḃailiġ na daoine ċuige airís. Agus mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisg sé airís iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:1
17 Iomraidhean Croise  

Agus tuilleaṁ fós, do ḃríġ go raiḃ an seanmóntuiġ glic, do ṁúin sé éolus do ġnáṫ don ṗobal; ṫug sé fós aire ṁaiṫ, agus do spíon sé amaċ, agus do ċuir móran seanḟocal a nórduġaḋ.


Agus diompóiġeadar a ccúl riomsa, agus ni hé a naġaiḋ: mátá gur ṫeagaisc mé íad, ag éirġe go moċ agus dá múnaḋ, giḋeaḋ níor úṁluiġeadar do ġaḃáil teagaisg.


A duḃairt Iósa ris an tslúaġ a núairsin, Tangaḃair a maċ aṁuil ċum bioṫuṁnaiġ le cloiḋṁe agus lé batuiḋe dom ġlacaḋsa? do ḃínn am ṡuiḋe gaċ áon lá eadruiḃ sa teampoll ag teagasg, agus ní rugaḃair oram.


Agus do ġaḃ Iósa a dtimċeall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánúġaḋ gaċ tinnis agus gaċ éagcrúais a measg an ṗubail.


Agus tíaġuid a sdeaċ go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do ċúaiḋ Iosa don tsionsgóig, agus do ṫeaguisg sé ann.


Agus ar dteaċd do na Ṗairisíneaċuiḃ ċuige, do ḟíafruiġeadar ḋé, dá ṫeasduġaḋ, Nar ċeaduiġeaċ dfior a ḃean do léigean?


Agus ar ḃfreagrá Díosa a duḃairt sé, ag teagasg ann sa teampoll, Cionnas a deirid na sgríobuiḋe gur ab é Criosd mac Ḋáiḃi?


Do ḃí mé gaċ éanlá aguiḃ sa teampall ag teagasg, agus níor ġlacaḃuir mé: Aċd is éigin na sgríobtuiriḋ do ċoiṁlíonaḋ.


Agus do ċúaiḋ sé a maċ a rís ċum na fairge; agus táinic an slúaġ uile ċuige, agus do ṫeaguisg sé íad.


Agus do ṫeaguisg sé mórán dóiḃ a gcosaṁlaċduiḃ, agus a duḃairt sé ríu an a ṫeagasg,


Agus an tan ṫáinic an tsabbóid, do ṫionnsgain sé teagasg do ḋéanaṁ ann sa tsínagóig: agus do ġaḃ iongnaḋ mórán dá gcúalaiḋ é, ag ráḋ, Créd as a dtigid na neiṫeisi ċum an ḟirsi? agus créd í a neagna so tugaḋ ḋó, ionnas go ndéuntar a leiṫeide so do ṡuḃailciġiḃ tré na láṁuiḃ?


Agus ar ndul a maċ Diósa, do ċonnairc sé an slúaġ mór, agus do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋóiḃ é, óir do ḃádar mar ċáorċa gan áoḋaire aca: agus do ṫiónnsgain sé mórán do ṁúnaḋ ḋóiḃ.


Agus do ḃí iongnaḋ aige an a neaṁċreideaṁ súd. Agus do ṫimċealluiḋ sé na bailte fá gcúairt, ag teagusg.


Agus do ċúaiḋ sé a rís tar Iordan don ionad an ar ḃaisd Eóin ar tús; agus do ċoṁnuiḋ sé ann sin.


Agus tar éisi sin a duḃairt sé ré na ḋeiscioblaiḃ, Déunam a ris go tir Iúdaiḋe.


Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan