Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do rinne sé seanmóir, ag ráḋ, Tig am ḋiáiġsi neaċ is neartṁuire na misi, ag náċ fiu mé cromaḋ agus íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Tá neaċ níos treise ná mise ag teaċt mo ḋiaiḋ, naċ fiú mé go gcromfainn agus iall a ḃróg a scaoileaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do rinne sé seanmóir ’g‐a ráḋ, Atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ‐se duine is mó cuṁaċt ná mise, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go scaoilfinn iall a ḃróg.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus seo mar a ḋeineaḋ sé fógairt: Tá duine is mó cóṁaċt ’ná mise ag teaċt am ḋiaiḋ, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a ḃróige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:7
11 Iomraidhean Croise  

Go deiṁin baisdimsi siḃ lé huisge do ċum aiṫriġe: aċd ċeana an té ṫig am ḋíaiġ is láidire é ná me, agus ni fíu misi a ḃróga diomċur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náoṁ, agus lé teiniġ siḃ:


Aċd ċeana do ṫoirmeisg Eóin é, ag ráḋ, Atá a ríaċdanus oramsa ṫusa dóm ḃaisdeaḋ, agus an ḃfuil tusa ag teaċd ċugamsa?


Agus do ḃí Eóin ar na éaduġaḋ dó rúaínneaċ cáṁall, agus crios leaṫair timċeall a leasruiġ; agus a sé bíaḋ do iṫeaḋ sé, lócuisdiġe agus mil ċoilteaṁail;


Go deiṁin do ḃaisd misi siḃ lé huisge, aċd ċeana baisfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ.


Do ḟeagair Eóin, ag ráḋ ríu uile, Baisdeamsa siḃ go deiṁin lé huisge; aċd a tá neaċ is nearṫṁuire ná misi ag teaċd, ag naċ fiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ: baisdfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ agus lé teiniḋ:


A sé so, an té ṫig am ḋíaiġse do ḃí roṁam, ag naċ ḟiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ.


Agus ar gcóiṁlíonaḋ a ṡeala Deóin, a duḃairt sé, An té ṡáoilti, ní misi é. Aċd féuċ, tig neaċ am ḋiáiġ, ag naċ fíu mé íallaċ a ḃróg do sgaóileaḋ.


Agus a duḃairt Pól, Go deiṁin do ḃaisd Eóin lé baisdeaḋ na haiṫriġe, ag ráḋ ris an bpobal, creideaṁ ann sa té do ṫiocfaḋ na ḋiáiġ féin, eaḋon, a Níosa Críosd.


Agus déiriġ sisi, agus do ċrom síos go taluṁ ar a haġaiḋ, agus a duḃairt, Féuċ, bíoḋ do ḃanóglaċ na serḃíseaċ do niġe ċos ṡearḃḟoġainteaḋ mo ṫiġearna.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan