Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do ċúaiḋ tír Iúdaiġe uile, agus luċd Iérusaléim a maċ ċuige, agus do ḃaisdeaḋ leis íad uile a sruṫ Iordáin, ag adṁáil a bpeacaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus ċuaiḋ ceanntar Iudaia go h-uile agus muinntir Ierusalem go h-uile amaċ ċuige, agus baisteaḋ leis iad i n-aḃainn na n-lordáine, agus iad ag adṁáil a bpeacaiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do ċuaiḋ tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amaċ ċuige agus do ḃaist sé iad uile i sruṫ Iórnán agus iad ag adṁáil a bpeacaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus ḃí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amaċ ag triall air, agus ḃí sé ’ġá mbaisteaḋ i n-aḃainn Iórdain, agus iad ag adṁáil a bpeacaí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:5
15 Iomraidhean Croise  

Dadṁaiḋ me mo ṗeacaḋ ḋuitse, agus níor ḟoluiġ mé mo ċionta. A duḃairt mé, Aideoṁad maindliġṫe don TIĠEARNA; agus do ṁaiṫ tú urċóid mo ṗeacaiḋ. Selah.


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


Agus do lean cuideaċda ṁór é ón Ġaililé, agus ó Ḋecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táoḃ ṫall do Iórdán.


Do ḃí Eoin ag baisdeaḋ ar an ḃfásaċ, agus ag seanmóir ḃaisdiġ na haiṫriġe do ċum maiṫṁeaċuis na bpeacaḋ.


Agus do ḃí Eóin ar na éaduġaḋ dó rúaínneaċ cáṁall, agus crios leaṫair timċeall a leasruiġ; agus a sé bíaḋ do iṫeaḋ sé, lócuisdiġe agus mil ċoilteaṁail;


Do rinneaḋ na neiṫese a Mbetábara, ar a táoḃ ṫall do Iordán, an áit an ar ḃaisd Eóin.


Agus fós do ḃaisd Eóin mar an gcéadna ag Aénon láiṁ ré Sálim, óir do ḃi iomad uisge ann sin: agus tangadar, agus do baisdeaḋ iád.


Do ḃí seisean na loċrann lasárrḋa agus ṡolasda: agus do ṫrograḃairsi ar feaḋ tamaill gáirdeaċus do ḋéunaṁ ann a ṡolus.


Agus tangadar mórán don ṁuinntir do ċreid, ag adṁáil, agus ag innsin a ngnioṁarṫaḋ féin.


Agus do ḟreagair Peadar iád, Déanuiḋ aiṫriġe, agus baisdear gaċ áonduine agaiḃ a nainm Iósa Críosd ċum maiṫeaṁnuis na bpeacaḋ, agus géuḃṫáoi ċugaiḃ tioḋlacaḋ a Spioruid Naoiṁ.


Adṁuiġe ḃur gcionta ḋá ċéile, agus déunuiḋ guiḋe ar son a ċéile, ċum go leiġéosfuiḋ siḃ. Oir as mór an ḃríġ atá a nurnuiġe ḋúṫraċduiġ a nfíréin.


¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan