Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 1:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Do réir mar ṫugadar na dáoine do ċonnairc lé na súiliḃ rein ó ṫús, agus do ḃí ag miniosdrálaċd na bréiṫre, ḋúinne íad;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Do réir mar fuaireaṁar iad uaṫa sin a ḃí ó ṫús iad féin ina ḃfiaḋnaisiġ agus ina ḃfrioṫálaiḋṫe ar an ḃriaṫar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 de réir mar atá siad taḃarṫa ḋúinn aca‐san dc ċonnaic ó ṫosaċ le n‐a súiliḃ iad, agus do ḃí ’n‐a seirḃíseaċaiḃ do’n ḃriaṫar,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Fé mar a tugaḋ dúinn iad, ó sna daoine a ċonaic iad le n-a súiliḃ agus do ḋein frioṫálaṁ ar an gcaint,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 1:2
25 Iomraidhean Croise  

Tosaċ ṡoisgeil Iósa Ċríosd, Ṁic Dé;


Agus ar ndul a maċ ḋóiḃsean do rinneadar seanmóir ann gaċ uile áit, ar mbeiṫ don Tiġearna ag coṁoibriuġaḋ ríu, agus ag taḃairt bríġ dá mbríaṫruiḃ leis na coṁaṫaiḋiḃ do lean íad. Amén.


An sioladoir úd, is í an bríaṫar ṡíolċuireas sé.


Agus is siḃsi fiaḋnuiseaḋa na neiṫeannsa.


Agus do ḋéuntaoísi fíaḋnuisi leis, óir atáṫaói ma ḟoċuir ó ṫus.


Aċd do laḃuir mé na neiṫe so riḃ, ionnus an tan ṫiocfas an uáir, go gcuiṁnéoċaḋ siḃ gur innis mé ḋíḃ íad. Giḋeaḋ níor innis mé ḋíḃ íad, do ḃriġ go raiḃ mé féin aguiḃ.


Agus dár ṫaisbén sé é féin béo a ndiáiġ a ṗáisi maille lé mórán do ċoṁarṫaiḋiḃ fírinneaċa, ar feaḋ ḋá ḟiċead lá dá ḟoillsiuġaḋ féin doiḃ, agus ag teaċd ar na neiṫiḃ do ḃean ré rioġaċd Dé:


Aċd geúbṫaoi súḃailciġe ċugaiḃ, ón Spiorud Náoṁ ṫuirrleóngas óruiḃ, agus beiṫi ḃar ḃíaḋnuisiḃ ḋaṁsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaiġe uile, agus a Samária, agus go soiṫe leiṫimeal na talṁan.


Agus ar laḃairt na ḃréiṫre ḋoiḃ a Bperge, do ċúadar síos go Hatália:


Agus ar ngaḃáil tré Ṗrígia agus tré ċríċ na Galátia ḋóiḃ, do ṫoirmisg an Spiorad Náoṁ íad an ḃríaṫar do laḃairt sá Násia,


Agus dob uáisle na Híuduiḋe sin na an ṁuinntir do ḃí a Dtessalonica, agus do ġaḃadar an ḃríaṫar go ro lúṫġáireaċ ċuca, ag cúartuġaḋ na sgríobtúireaḋ gaċ éun lá, dá ḟéuċuin an mar sin do ḃádar na neiṫesin.


Aċd éiriḋ súas, agus seas ar do ċosaiḃ: óir is ċuige so do ḟoillsiġ mé féin duit, do ċum go nóirdeóċainn ṫú ad oglaċ agus ad ḟiaḋnuise, ní hé aṁáin ar na neiṫiḃ do ċunnairc tú, aċd mar an gcéudna ar na neiṫiḃ ann a ḃfoillseóċar ḋuit mé;


Oír ní héidir linne gan na neiṫe do ċúalamar agus do ċunncamar do laḃairt.


Uime sin an dream do ḃí ar na sgaraḋ dimiġeadar timċeall ag seanmóruġ na bréiṫre.


Ionnus go mbéinn am óglaċ ag Iósa Críosd a measg na Gcineaḋaċ, ag miniosdralaċd soisgéil Dé, do ċum go mbeiṫ gean ar ofrail na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋi náoṁṫa trés an Spiorad Náoṁ.


Go maḋ haṁluiḋ ṁeasfus duine sinne, mar ṁinisdriḋ Ċríosd, agus mar ḟeaḋmantaċaiḃ rúindíaṁraḋ Dé.


Cionnas raċmáoidne as, má ḃíonn neaṁṡuim aguinn ann a ċoṁór so do ṡlánuġaḋ; noċ do tionnsgnaṁ do ṡeanmóruġaḋ ar tús ris an Dtíġearna féin, agus do deiṁniġeaḋ ḋúinn ris an druing do ċúaluiḋ é;


Iarruim daṫċuinge ar na seanóiriḃ ḃur measg, ar mbeiṫ ḋaṁ féin fós um ṡeanóir, agus um ḟíaḋnuise ar na neiṫiḃ do ḟulaing Críosd, agus um ṗártuiġe a dtáoḃ na glóire atá ré haġuiḋ a ḟoillsiġe.


Oír ní ag leanṁuin do sgéultuiḃ ealaḋanta fáḃuill do ḃámar, an tan do ḟoillsiġeamar ḋíḃse cúṁaċda agus teaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd, aċd do ċonncamar ré ar súliḃ féin a ṁórġaċd.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan