Agus don ġorm, agus don ṗurpuir, agus don scárláoid, do rinneadur eáduiġe seirḃíse, do ḋéanaṁ serḃise an sa náit naoṁṫa, agus rinneadur na culaḋa naoṁṫa do Aáron; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Agus do ċeangladar an tuċdṗláta le na ḟáinniġiḃ dfainniġiḃ a neṗoid, lé lása do ġorm, ċor go mbía ós cionn an ċreasá ċuiríalta a neṗoíd, agus naċ scáoiltí an tuċdṗlata ó neṗod; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Cluigín agus pomegranat, cluigín agus pomegranat, timċioll fa gcuáirt ḟaṫuaime an róba do ḋéanaṁ miniostralaċd ann; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Agus crios cúiríalta a eṗoid, do ḃí air, do ḃí don ċéadna, do réir a oibre sin; dór, do ġorm, do ṗurpuir, do scárláoid, agus do linéadaċ ḟínealta ċasta; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Agus tug Maóise mic Aáron leis, agus do ċuir cótuiḋ orra, agus do ċriosluiḋ íad lé creasannuiḃ, agus do ċuir buinéid orra; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Agus do ġlac Maóise an tuċd, agus do ṁáilliġ é mar ofráil luáimniġṫe a laṫair an TIĠEARNA: óir do bi sin cuid Ṁaóise do reiṫe án ċoisreacṫa; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Uime sin anfuiḋe ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ do ló agus doiḋċe seaċd lá, agus coiṁéadfuiḋe cúram an TIĠEARNA, naċ ḃfaġṫáoi bás: óir is mar sin do haiṫniġeaḋ ḋióm.
Agus do ċuir an míter ar a ċeann; ar a míter mar an gcéadna, éaḋon ar éadan an ṁíter, do ċuir sé an pláta óir, an ċoiróin náoṁṫa; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.