Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Leḃiticus 1:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus muirfiḋ sé é ar ṫáoiḃ na haltóra leaṫ ṫuaiġ a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA: agus na sagairt clann Aáron, croiṫfid an ḟuil timċioll fa gcuáirt ar a naltóir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Leḃiticus 1:11
12 Iomraidhean Croise  

Agus muirfiḋ sé an ḃulóg a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: agus bearuid na sagairt, clann Aáron, a nfuil leó, agus croiṫfid a nfuil timċioll fá gcuáirt ar a naltóir noċ atá láiṁ ré dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,


¶ Annsin a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, tóig súas do ṡúile anois leaṫ ris an ttuáisceart. Marsin do ṫóig mé súas mo ṡúile leaṫ ré sliġe an tuáisceirt, agus féuċ don leaṫ ṫuáiġ ag geata na haltóra a nioṁáiġse a néuda annsa dul a steaċ.


Annsa náit a marḃuid siad a nofráil loiscṫe is ann muirfid a nofráil ṡáruíġṫe: agus croiṫfiḋ sé a ḟuil timċioll ar a naltóir.


Laḃair ré Haarón agus le na ṁacaiḃ, gá ráḋ, Is é so dliġeaḋ na hofrála peacaiḋ: annsa náit a marḃṫar a nofráil loiscṫe is ann muirfíġear a nofráil ṗeacaiḋ a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: atá sé ro náoṁṫa.


Agus do ċuir sé an bórd a lóistin an ċoṁċruinniġ, ar ṫaoiḃ an tabernacuil leaṫ ṫuaiġ, taoḃ amuiċ don ċuṁdaċ.


Agus do ġlac Maóise leaṫ na fola, agus do ċuir a mbáisíniḃ í; agus do ċroiṫ sé leaṫ na fola ar a naltóir.


Agus leagfaiḋ a láṁ ar ċéann na hofrála peacaiḋ, agus muirfiḋe an ofrail peacaḋ a náit na hofrála loiscṫe.


Agus do ṁarḃ sé é; agus do ċroiṫ Maóise a nḟuil ar a naltóir fá gcuáirt.


Agus muirfiḋ sé án túan annsa náit a muirfiḋ a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe, annsa náit náoṁṫa: óir mar is leís an tsagart a nofráil ṗeacaiḋ, is leis mar sin a nofráil ṡáruiġṫe: atá sí ró náomṫa:


¶ Agus a duḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, is marso a deir an Tiġearna DIA; Isíadso órduiġṫe na haltóra annsa ló a ndéanuid í, dofrail íoḋbarṫa loisge uirre, agus do ċroṫaḋ fola uirre.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan