Agus tangadar go daingion láidir Tíor, agus go caiṫreaċaiḃ na Hiḃiteaċ eile, agus na Gcananíteaċ: agus do ċúadar amáċ don taóiḃ ó ḋeas do Iúdáh, go Beerséba.
Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.
Annsin cuirfiḋe amaċ na huile ḋúṫċusaiġ a nḟearuinn as ḃur raḋarc, agus scriosfaiḋe a níoṁáiġeaḋ uile, agus millfiḋe a níoṁáiġeaḋ leaġṫa uile, agus leagfuiḋe síos go hiomlán a náite árda uile:
Agus tárla, a nuáir do ċúaladar na ríġṫe uile do ḃí don taóiḃsi do Iordan, air na sleḃtíḃ, agus air na gleantuiḃ, agus ar imliḃ na fairge móire uile ṫall as coinne Lebanon, na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perissítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ;
Mar atá, cúig tiġearna na Ḃfilistíneaċ, agus na Canaanítiġ uile, agus na Sidónianuiġ, agus na Hiḃitiġ do áitriḃ a slíaḃ Lebanon, ó ṡlíaḃ Baalhermon go nuige dul a steaċ go Hámat.