Agus a duḃhairt an taṫair ré na ṡearḃoġantaiḃ, Taḃruiḋ an ċuluiḋein is fearr liḃ, agus cuireiḋ uime í; agus cuiriḋ fainne air a láiṁ, agus bróga air a ċosaiḃ:
Ṫugamar an taránso mar lónn linn teiṫ ór ttiġṫiḃ an la ṫangamar amaċ do ṫeaċd go nuige siḃsi; aċd a nois, féaċuiḋ, atá an tarán tirim, agus atá sé líaṫ:
Agus na buidéil si do líonamar dfíon, do ḃádar núa; aċd, féaċuiḋ, atáid briste: agus íadso ar néaduiġe agus ar mbróga atáid foirfe do ḃríġ ar nastair roḟada.
Do rinneadarsan go cealgaċ, agus do ċúadar agus do léigeadar orra gur teaċda íad, agus tugadar sean saic léo ar a nassaluiḃ, agus sean ḃuidéil ḟíona, briste, ceangailte súas;
Agus do ċúadar go Iosua don nfoslungṗort a Ngilgal, agus a duḃradar ris, agus re fearuiḃ Israel, Tangamar as tír imċéin: a nois uime sin déanuiḋsi síṫ rinn.