Aċd a duḃairt Abram ré Sárai, Féuċ, ata do ċailín ad láiṁ féin; déuna ría mar do ċiṫear ḋuit: agus a nuáir do ṁasluiġ Sárai í, do ṫeiṫ sí as a fiaġnuisi.
Agus an té do ḃí ós cionn an tiġe, agus an té do ḃí ós cionn na caiṫreaċ, na sinnsir mar an gcéadna, agus altranna na cloinne, do ċuireadar teaċda go Iehu, ġa raḋ, Is sinne do ṡearḃḟoġantuiġiḋse, agus do ḋeánam gaċ ní déaras tú rinn; ní ḋéanam ríġ ar biṫ, deánasa ann ní is féarr do ċítear ḋuit.
Do ḃí misi feargaċ rem ṁuinntir, do ṫruáilliġ mé moiġreaċd, agus ṫug mé ad láiṁsi íad: níor ṫaisbeain tusa grása ar biṫ ḋóiḃ; ar an tseanóir do léig tú an ċuing go ro ṫrom.
Agus ṫainic sé go muinntir Ṡuccot, agus a duḃairt, Féaċuiḋ Sébah agus Salmunna, le ndearnaḃair maóiḋeaṁ orumsa, ḋa ráḋ, An ḃfuilid láṁa Ṡébah agus Ṡalmuana a nois ann do láiṁsi, as a ttiuḃramaóisne arán dot ṁuinntir atá curṫa?