Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 9:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus do ḟreagradarsan Iosua, agus a duḃradar, Do ḃriġ gur dearḃaḋ dot ṡeirḃíseaċuiḃ, mar do aiṫin do ṪIĠEARNA Día ḋá óglaċ Maoise an dúiṫċe uile do ṫaḃairt daoiḃsé, agus duṫċusaiġ na tíre uile do scríos roṁuiḃ, uime sin do ḃámar lán deagla ar nanmann roṁuiḃsi, agus do rinneamar an nísi.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 9:24
14 Iomraidhean Croise  

Agus do ḟreagair Sátan don TIĠEARNA, agus a duḃairt, Croicionn ar son croicinn, a ḃfuil ag duine do ḃéaraḋ sé ar a anam é.


Agus na bíoḋ oruiḃ eagla na muinntíre ṁarḃas an corp, agus leis naċ éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an corp agus an tanam do ṁilleaḋ a nifrionn.


Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir.


Agus ar ball a gcúalamar na neiṫesi, do leaġaḋ ar gcroiḋṫe, agus níor ḟan ní is mó do ḃeóḋaċd a néanduine, ar ḃur sonsa: oír sé ḃur TTIĠEARNA Día, is Día ar neaṁ ṡúas, agus ar talaṁ ṡíos.


Agus a duḃairt ris na dáoiniḃ, Atá a ḟios agum go ttug an TIĠEARNA an tír ḋíḃ, agus gur ṫuit ḃur nuaṁan oruinn, agus gur lagaḋ dúṫċusaiġ na tíre eile air ḃur son.


Agus do scriosadar go huiliḋe an ṁéid do ḃí sa gcaṫruiġ, idir ḟior agus ṁnáoi, óg agus ṡean, ḋaṁ, agus ċaoiriġ, agus assal, lé fáoḃar an ċloiḋiṁ.


A duḃradarsan ris, O ṫír ró ḟada uáit ṫangadar do ṡeírḃísiġ ar son anma do ṪIĠEARNA Dé: óir do ċúalamar a ċlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan