Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 9:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus do ġluáisiodar clann Israel ar a naġuiḋ, agus tangadair dá gcaiṫreaċaiḃ an treas lá. A nois dob íad a ccaiṫreaċa Gibeon, agus Ceṗirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 9:17
24 Iomraidhean Croise  

¶ Agus do ḃí ag mac Ṡauil dias fear captíniġ ar ċuideaċduiḃ: buḋ é ainm duine ḋíoḃ Baanah, agus ainm a nfir oile Réċab, mic Rimmon Beerotíteaċ, do ċloinn Ḃeniamin: óir do háirṁeaḋ Beerot fós do Ḃeniamin:


Agus Ismaiah an Gibeoniteaċ, duine neartṁar a measg an tríoċaid, agus ós ċionn an tríoċaid; agus Ieremiah, agus Iahasiel, agus Iohanan, agus Iosabad an Gederatiteaċ,


¶ Dob íadso mic Ċáleb ṁic Hur, céidġin Eṗratah; Sobal aṫair Ċiriatiarim,


Agus do ḃádar mic ag Sobal, aṫair Ċiriat‐iearim; Haroeh, agus leaṫ na Manahetiteaċ.


Agus muinnteara Ċiriat‐iearim; na Hitritiġ, agus na Puhitiġ, agus na Sumatitiġ, agus na Misraitiġ; is úaḋasin ṫangadar na Sareátitiġ, agus na Hestaulitíġ.


Oír do ḃí tabernucuil an TIĠEARNA, noċ do rinne Maóise san ḃfásaċ, agus altóir na hofrála loisge, fa namsin annsa náit áird ann Gibeon.


Clann Ċiriat‐arim, Ċeṗirah, agus Ḃeerot, seaċt ccéad agus ceaṫraċad agus triór.


Fir Ċiriat‐Iarim, Ċeṗira, agus Ḃeerot, seaċd ccéad ceaṫraċad agus tríur.


Agus do ḃí fós óglaċ do ṫairrgir a nainm an TIĠEARNA, Uriah ṁac Semaiah do Ċiriat‐iearim, noċ do ṫairġir a naḋuiġ na caíṫreaċso agus a naġaiḋ na tíreso do réir uile ḃríaṫra Ieremiah:


Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir.


Círiat‐baal, noċ ar ḃé sin Círiatiearim, agus Rabbah; ḋá ċaṫruiġ gun a mbailtiḃ:


Agus do táirrngioḋ an téora ó ṁullaċ an ċnuic go nuige tobar uisge Neṗtoah, agus do ċuáiḋ amaċ go caiṫreaċaiḃ ṡléiḃe Eṗron; agus do ṫáirngeaḋ an téora go Báalah noċ ar bé Ciriat‐Iarim:


Agus do tairrngeaḋ an téora as sin, agus do ṫimċill sí coirneal na fairge buḋ ḋeas, ón ċnoc atá as coinne Ḃeṫóron buḋ ḋeas; agus do ḃádar a dula amaċ sin ag Ciriat‐baal, (noċ ar bé Ciriat‐iearim), caṫair lé cloinn Iúdah: do buḋ í so an ċeaṫraṁ ṡíar.


Agus do ḃí an ċeaṫraṁa buḋ ḋeas ó ċionn Ċiriat‐iearim, agus do ċuáiḋ a téora amaċ ar an ttaóiḃ ṡíar, agus do ċuáiḋ amaċ go tobar na nuisgeaḋ ag Neṗtoah:


¶ Agus tárla a ccionn ṫrí lá tair éis osaiġ do ḋéanaḋ ríu, go ccuáladar gur ḃíad sin a ccoṁarsanna, agus gur aiṫreaḃadar eatorra.


Agus níor ḃuáileadar clann Israel íad, do ċionn mar ṫugadar prionnsuiḋe an ċoṁċruinniġ a mionna ḋóiḃ fán TTIĠEARNA Día Israel. Agus do rinneadar an coṁċruinniuġaḋ munḃar a naġaiḋ na bprionnsaḋa.


¶ Aċd a nuáir do ċúaladar muintir Ġibeon mar do rinne Iosua ré Ieriċo agus ré Hái,


A duḃradarsan ris, O ṫír ró ḟada uáit ṫangadar do ṡeírḃísiġ ar son anma do ṪIĠEARNA Dé: óir do ċúalamar a ċlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,


Agus do ċúadar súas, agus do ṡuíġeadar a Gcíriat‐Iearim, ann Iúdah: ar a naḋḃarsin do ġoireadar do náitsin Mahaneh‐Dan gus a niuġ: féaċ, atá sé táoḃ ṡíar do Ċíriat‐Iearim.


¶ Agus do ċuireadar teaċda go muinntir Ċíriat‐Iárim, ga ráḋ, Ṫugadar na Ṗilistiniġ airc an TIĠEARNA léo a rís; tigiḋsi a nuás, agus beiriḋ ċugaiḃ í.


Agus tangadar muinntir Ċíriat‐Iárim, agus rugadar leó súas aírc an TIĠEARNA, agus tugadar a steaċ í go tiġ Abinadab ansa ċnoc, agus do náoṁadár a ṁac Eleásar do ċoiṁéad airc an TIĠEARNA.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan