16 ¶ Agus tárla a ccionn ṫrí lá tair éis osaiġ do ḋéanaḋ ríu, go ccuáladar gur ḃíad sin a ccoṁarsanna, agus gur aiṫreaḃadar eatorra.
Daingneoċṫar béul na fírinne go bráṫ: aċt ní ḃí an teanga ḃréugaċ aċt air feaḋ móimeinte.
Agus do rinne Iosua síṫ ríu, agus do rinne ceangal ríu, léigion dóiḃ marṫuinn: agus tugadar prionnsuiḋe an ċoṁċruinniġ mionna ḋóiḃ.
Agus do ġluáisiodar clann Israel ar a naġuiḋ, agus tangadair dá gcaiṫreaċaiḃ an treas lá. A nois dob íad a ccaiṫreaċa Gibeon, agus Ceṗirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.
¶ Agus do ġoir Iosua orra, agus do laḃair sé riu, ġa ráḋ, Cread far ṁeallaḃair sinn, gá ráḋ, Atámoid ro ḟada úaiḃ; a núair gurob eadruinn ċoṁnuiġṫí?
A duḃradarsan ris, O ṫír ró ḟada uáit ṫangadar do ṡeírḃísiġ ar son anma do ṪIĠEARNA Dé: óir do ċúalamar a ċlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,