12 Ṫugamar an taránso mar lónn linn teiṫ ór ttiġṫiḃ an la ṫangamar amaċ do ṫeaċd go nuige siḃsi; aċd a nois, féaċuiḋ, atá an tarán tirim, agus atá sé líaṫ:
Ar anaḋḃarsin do laḃradar sinnsir agus muintir ar ttíre uile rinn, ga ráḋ, Beiriḋ lónn liḃ ċum a nastair, agus éirgiḋe do ṫeagṁáil dóiḃ, agus abraiḋ ríu, Is seirḃísiġ ḋaóiḃ sinne: uimésin a nois déanuiḋsi ceangal rinn.
Agus na buidéil si do líonamar dfíon, do ḃádar núa; aċd, féaċuiḋ, atáid briste: agus íadso ar néaduiġe agus ar mbróga atáid foirfe do ḃríġ ar nastair roḟada.