Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 9:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Ar anaḋḃarsin do laḃradar sinnsir agus muintir ar ttíre uile rinn, ga ráḋ, Beiriḋ lónn liḃ ċum a nastair, agus éirgiḋe do ṫeagṁáil dóiḃ, agus abraiḋ ríu, Is seirḃísiġ ḋaóiḃ sinne: uimésin a nois déanuiḋsi ceangal rinn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 9:11
9 Iomraidhean Croise  

Agus beiríḋ airgead dúbalta ann ḃur láiṁ; agus an tairgead tugaḃair liḃ a rís a mbéuluiḃ ḃur sac, beiriḋ liḃ a rís ann ḃur láiṁ é; do béidir gur mainneaċdna é:


Agus an té do ḃí ós cionn an tiġe, agus an té do ḃí ós cionn na caiṫreaċ, na sinnsir mar an gcéadna, agus altranna na cloinne, do ċuireadar teaċda go Iehu, ġa raḋ, Is sinne do ṡearḃḟoġantuiġiḋse, agus do ḋeánam gaċ ní déaras tú rinn; ní ḋéanam ríġ ar biṫ, deánasa ann ní is féarr do ċítear ḋuit.


Agus ann gaċ aon ṗroiḃinnsi, agus an gaċ áonċaṫruiġ, giḋ bé áit a ttáinic aiṫne an ríġ agus a órduġaḋ, fúaradar na Iúduiġe gáirdeaċus agus lúaṫġáir, féusta agus lá maiṫ. Agus ṫangadar móran do ṁuinntir na tire do ḃeiṫ na Niúduiġiḃ; óir do luiġ eagla na Niúduiġeaḋ orra.


Agus a duḃairt sé riú, Ná beiriḋ ní ur biṫ liḃ ċum na sliġeaḋ, bataiġe, ná tiaċ lóin, ná arán, ná aírgead ná bioḋ ḋá ċóta ag cáċ.


Eírġiḋe ar feaḋ an tslóiġ, aiṫniġíḋ don ṗobal, ḋá ráḋ, Ullṁuiġiḋ lónn daóiḃ féin; óir fa ċionn ṫrí lá raċṫaói a nonn tar an Iordansa, do ḋul do ṡealḃúġaḋ na tíre, do ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ re na ṡealḃuġaḋ mar oiġreaċd.


Agus a nuile ní da ndéarna sé ré ḋá ríġ na Namoriteaċ, do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, ré Sihon ríġ Hesbon, agus ré Og ríġ Básan, noċ do ḃí ann Astárot.


Ṫugamar an taránso mar lónn linn teiṫ ór ttiġṫiḃ an la ṫangamar amaċ do ṫeaċd go nuige siḃsi; aċd a nois, féaċuiḋ, atá an tarán tirim, agus atá sé líaṫ:


Agus a duḃradarsan re Iosua, As seírḃísiġ ḋuit sinn. Agus a duḃairt Iosua ríusan, Cía siḃ? agus cáit as a ttangaḃair?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan