Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 9:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus a nuile ní da ndéarna sé ré ḋá ríġ na Namoriteaċ, do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, ré Sihon ríġ Hesbon, agus ré Og ríġ Básan, noċ do ḃí ann Astárot.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 9:10
13 Iomraidhean Croise  

Agus annsa ceaṫraṁaḋ Bliaḋain déug tainic Ċedorlaomer, agus na riġṫe do ḃí na ḟoċair, agus do ḃuáileadur na Reṗamiġ an Asterot Carnaim, agus na Susimiġ ann Ham, agus na Hemimiġ an Saḃeh Ciriataim,


Do ṁacaiḃ Gersom tugaḋ as muinntir leiṫṫreiḃe Ṁanasseh, Gólan ann Básan gun a bailtiḃ, agus Astarot gun a bailtiḃ:


¶ Agus do ċuir Maóise teaċda ó Ċades go riġ Edom, Is mar so a deir do ḋearḃraṫair Israel, Atá a ḟios agad ar gaċ ní dar éiriġ ḋuinne ann ar tturus:


Tar éis Sihon riġ na Namoríteaċ do ṁarḃaḋ ḋo, noċ do áitreiḃ ann Hesbon, agus Og ríġ Básan, noċ do áitreiḃ ann Astarot ann Edréi:


Aċd nior áill lé Sihon ríġ Hesbon léigean dúinn gaḃáil ṫairis: óir do crúaḋuiġ an TIĠEARNA ḃur Ndíasa a spiorad, agus do rinne sé a ċroiḋe easuṁal, ċor go seaċódaḋ sé ad láiṁse é, mar as follus a niuġ


Agus cósta Og ríġ Básan, noċ do ḃí dfuiġioll na naiṫeaċ do áitreaḃ an Astárot agus ann Edrei,


Agus leaṫ Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan, noċ do ḃain re cloinn Ṁaċir ṁíc Manasseh, eaḋon do leaṫ ċloinne Maċir do réir a mumtear.


Oír do ċúalamar mar do ṫiormaiġ an TIĠEARNA uisge na mara Ruaiḋe roṁuiḃ, a nuair ṫangaḃair amaċ as an Négipt; agus mar do rinneaḃair ré ḋá ríġ na Namoríteaċ, dó ḃí don táoḃ oile do Iordan, Sihon agus Og, noċ do scriosaḃair go hiomlán.


Agus a duḃairt ris na dáoiniḃ, Atá a ḟios agum go ttug an TIĠEARNA an tír ḋíḃ, agus gur ṫuit ḃur nuaṁan oruinn, agus gur lagaḋ dúṫċusaiġ na tíre eile air ḃur son.


Ar anaḋḃarsin do laḃradar sinnsir agus muintir ar ttíre uile rinn, ga ráḋ, Beiriḋ lónn liḃ ċum a nastair, agus éirgiḋe do ṫeagṁáil dóiḃ, agus abraiḋ ríu, Is seirḃísiġ ḋaóiḃ sinne: uimésin a nois déanuiḋsi ceangal rinn.


A duḃradarsan ris, O ṫír ró ḟada uáit ṫangadar do ṡeírḃísiġ ar son anma do ṪIĠEARNA Dé: óir do ċúalamar a ċlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan