Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 9:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, a nuáir do ċúaladar na ríġṫe uile do ḃí don taóiḃsi do Iordan, air na sleḃtíḃ, agus air na gleantuiḃ, agus ar imliḃ na fairge móire uile ṫall as coinne Lebanon, na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perissítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 9:1
32 Iomraidhean Croise  

Agus tangadar go daingion láidir Tíor, agus go caiṫreaċaiḃ na Hiḃiteaċ eile, agus na Gcananíteaċ: agus do ċúadar amáċ don taóiḃ ó ḋeas do Iúdáh, go Beerséba.


Oír raċuiḋ Maingeal roṁad, agus do ḃeura a steaċ ṫu ċum na Namoríteaċ, agus ċum na Hítiteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Gcananíteaċ, no Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteaċ: agus gearrfa mé amaċ íad.


Agus cuirfe mé do ṫóranna ón Muir ruáiḋ go nuige fairge na Ḃṗilistineaċ, agus ón díoṫraṁ gus a naḃuinn; óir seaċóduiġ mé áitreaḃuiġ na dúṫaiġ ann ḃur láiṁ: agus díbeóra tú amaċ roṁad íad.


Agus a duḃairt mé, Béura mé súas siḃ as buaiḋreaḋ na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteaċ, agus na Hitíteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Niḃíteaċ, agus na Iebusíteaċ; go tír do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala.


Coíṁedsa an ní áiṫeonus mé ḋiot annsa ló niuġ: féuċ, tiomaínfe mé a maċ roṁad an Tamoríteaċ, agus an Cananíteaċ, an Hitíteaċ, agus an Perisíteaċ, agus an Hiḃiteaċ, agus an Iebusíteaċ.


Aítreaḃuid na Hamelecitiġ annsa ḃfearann táoḃ ó ḋeas: agus na Hititiġ, agus na Iebusítiġ, agus na Hamorítiġ, áitreaḃas ar a tsliaḃ: águs na Canaanitiġ áitreḃas láiṁ ris an ḃfairge, agus láiṁ ré leiṫimeal Iordáin.


Agus ar son na teórann táoḃ ṡíar, biáiḋ a nfairge ṁór agad mar ṫeóruínn: buḋ í so do ṫeórann ṡíar.


Filliḋ, agus gluáisiḋ íonḃur sliġe, agus éirġiḋ go slíaḃ na Namoriteaċ, agus don nuile áit láiṁ ris, annsa réiteaċ, annsna cnocuiḃ, agus annsa ġleann, agus buḋ ḋeas, agus láiṁ ris an ḃfairge, go dúṫaiġ na Gcanaaníteaċ, agus go Lebanon, go suiġe an naḃuinn ṁóir, aḃuinn Euṗrates.


Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, dféaċuin a nfearuinn ṁaiṫ atá táoḃ ṫall do Iordan, an slíaḃ maiṫ sin, agus Lebanon.


Agus an réiteaċ uile don táoiḃsi do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon go nuige an ḃfairge don réiteaċ, fáoi ṫoibreaċuiḃ Pisgah.


Anuair do ḃéura an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don tír a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, agus ar tteilgean amaċ ṁóráin cineaḋaċ roṁad, na Hititiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ, seaċd gcíneaḋaċa ba ṁó ná siḃse agus ba cuṁaċduiġ;


Nó go ttuga an TIĠEARNA suaiṁneas da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar ṫug sé ḋíḃsi, agus go sealḃuiġidsion mar an gcéadna an tír ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋóiḃ: annsin fillfiḋe dá ḃur ḃfearann sealḃa, noċ ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋíḃ don táoiḃsi do Iordan leaṫ ré heírġe greine, agus biáiḋ aguiḃ.


On nfásaċsa agus ón lebanonsa go nuige a naḃuinn ṁóir, sruṫ Euṗrátes, iomlán ḟearainn na Hititeaċ, agus go nuige a nfaírge ṁoir, leaṫ ré dul faoi na gréine, buḋ é ḃur ttéoran.


Agus do rinneadar mar sin, agus tugadar na cúig ríġṫe sin ċuige amaċ as a núaṁuiġ, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis agus ríġ Eglon.


Eaḋon ó ṡliaḃ Hálac, ṫéid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi ṡlíaḃ Hermon: agus do ġaḃ sé a riġṫe uile, agus do ḃuáil íad, agus do ṁarḃ sé íad.


Agus dúṫaiġ na Ngibliteaċ, agus Lebanon uile, leaṫ re héirġe gréine, ó Ḃaalgad faói ṡlíaḃ Hermon go dul a steaċ go Hamat.


¶ Agus do ḃí an téora ṡíar gus na ḃfairge ṁóir, agus gus a cósta sin. Is é so cósta ċloinne Iúdah timċioll fa gcuáirt do réir a ṁuintear.


Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan.


Annois ṫug Maóise sealḃ do leiṫṫreiḃ Ṁanasseh a Mbásan: aċ don leiṫṫreiḃ oile ḋíoḃ ṫug Iosua a measc a ndearḃráiṫreaċ don taóiḃsi do Iordan leaṫ ṡiar. Agus a nuáir do ċuir Iosua ar siuḃal íad sin fós dá loistíniḃ, annsin do ḃeannuiġ sé íad,


Féaċuiḋ, do roinn me oruiḃ le crannċar na cineaḋaċasa ṁairios, dá mbeiṫ mar oiġreaċd ag ḃur ttreaḃuiḃ, ó Iordan, maille ris na huile ċmeaḋaċaiḃ dar ġeárr mé amaċ, go nuige an nfairge ṁóir don táoiḃ ṡíar.


Agus do ċúaḋḃair tar Iordan, agus tangaḃair go Ieriċo: agus do ṫroideadar fir Ieriċo ḃur naġaiḋ na Hamorítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Canaanítiġ, agus na Hititiġ, agus na Girgasítíġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ; agus ṫug misi ann ḃur láṁuiḃ íad.


Agus a duḃairt Iosua, Is leis so aiṫeantáoi go ḃfuil an Día beó ḃur measc, agus go tteilgfe sé amaċ gan ḟailliġe na Cananítiġ, agus na Hititiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Perisitiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Iebusítiġ.


Agus gur ṡeasadar na sagairt do iomċuir aírc ċunarṫa an TIĠEARNA daingean ar talaṁ tirim a lár Iordan, agus go ndeaċadar clanna Israel uile ṫairis air taluṁ tirim, nó go ndeaċadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.


Agus tárla, a núair do ċúaladar uile ríġṫe na Namoríteaċ, do ḃí ré táoḃ Iordan don táoḃ ṡíar, agus uile ríġṫe na Gcanaaníteaċ, do ḃí láiṁ ris an ḃfairge, gur ṫiurmuiġ an TIĠEARNA uisgiḋe Iordan súas roiṁe ċloinn Israel, nó go ndeaċamar ṫairis, gur leaġaiḋ a ccroiḋe, agus naċ raiḃ spiorad ionta ní ḃus mó, tre eagla ċloinne Israel.


Mar sin do ḃí an TIĠEARNA re Iosua; agus do ċúaiḋ a ċlú ar feaḋ na críċe uile.


Agus a duḃradar fir Israel ris na Hiḃítiḃ, Do bféidir gurob éadruinn féin do níṫí coṁnuiġe; agus cionnus do ḋéanmaois ceangal riḃ?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan