Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 8:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do aiṫin sé ḋíoḃ, ġá ráḋ, Féaċ, beiṫi a luiġeaċán re haġuiḋ na caiṫreaċ, táoḃ ṡíar don ċaṫruiġ: ná bíṫí róḟada ón ccaṫrúiġ, aċ biṫi uile réiġ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 8:4
14 Iomraidhean Croise  

¶ Agus deiriġ an ríġ ann sa noiḋċe, agus a duḃairt re na ṡearḃḟoġantuiḃ, Taisbeanfuiḋ mé ḋíḃ anois cred do rinneadar na Sírianuiġ oruinn. Ata a ḟios aca go ḃfuil ocras oruinne; uime sin do ċúadar amaċ as an ccampa da ḃfolaċ féin annsa maċaire, ḋa ráḋ, A núair ṫiocfuid síad amaċ as a ccaṫruiġ, béurumné orra beó, agus raċum a steaċ san ccaṫruiġ.


¶ Aċt ṫug Ieroboam fa deara luiḋeaċán do ṫeaċd timċioll fa na ccúl: marsin do ḃádar as coinne Iúdah, agus an ċealg leaṫ a ccúil.


Neartuiġ an gliocus duine crionna ní is mó ná deiṫneaṁar do ḋaoiniḃ cuṁaċtaċa atá annsa ċaṫruiġ.


Ann sin a duḃairt misi, Is féarr eagna ná neart: ṫairis sin tarcuisniġṫior eagna an duine ḃoiċt, agus ní héistior a ḃríaṫra.


Uime sin na taḃuirsi áonta ḋóiḃ: oír atá ós cionn dá ḟiċead fear ḋíoḃ a luiġeaċán air noċ ṫug a mionna, naċ íosaidís agus naċ ióḃaidís nó go marḃaídís é: agus atáid síad ullaṁ a nois, ag feiṫeaṁ réd ġeallaḋsa.


Agus do goireaḋ a raiḃ do ḋáoiniḃ ann Ai a ccion a ċeile na ttóruiġeaċd: agus do leanadar Iosua, agus do tairrngeaḋ on ccaṫruiġ íad.


¶ Annsin déiriġ Iosua, agus an luċd cogaiḋ uile, ċum dul súas a naġaiḋ Ai: agus do ṫoġ Iosua amaċ tríoċad míle dfearuiḃ láidre a ngaisgiḋ, agus do ċuir ar siuḃal íad san noiḋċe.


¶ Agus do ċuireadar Israel luċd luiḋeaċáin timċioll fa gcuáirt Ġibeáh.


Agus déirġeadar fir Israel uile súas as a náitiḃ, agus do ċuireadar íad féin a nórduġaḋ caṫa ann Baaltámar: agus tangadar luiḋeaċáin Israel amaċ as a náitiḃ, eaḋon as móinḟéaruiḃ Ġibeah:


Marsin do ċonncadar clann Ḃeniamin gur cláoiḋeaḋ íad féin: oir do léigiodar fir Israel na Beniamitiġ orra, do ċionn go raiḃ dóiġ aca as na luiġeaċanuiḃ do ċuireadar gaċa taoḃa do Ġibeáh.


Agus do ċuireadar muinntir Ṡeċem dáoine a luíġeaċán air ar ṁulluiġiḃ na slíaḃ, agus do ṡladadar a ttáinic láiṁ riu san tsliġe: agus do hinnseaḋ sin do Abimeleċ.


Anois ar a naḋḃarsin bí súas san noiḋċe, ṫú féin agus na daoine atá ad ḟoċair, agus bi a luiġeaċán ann sa ṁaċaire:


Is marso a deir TIĠEARNA na slúaġ, Cuiṁniġim an ní do rinne Amalec re Hisrael, mar do ċuir sé luiġeaċán roiṁe annsa tsliġe, a nuáir ṫáinic sé amaċ ón Négipt.


Agus ṫáinic Saul go caṫruiġ le Hamalec, agus do ċuir luiḋeaċán annsa ġleann.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan