35 Ní raiḃ focal dar aiṫin Maóise, nar léiġ Iosua a laṫair ċoṁċruinniġ ċloinne Israel uile, maille ris na mnáiḃ, agus leis na leanbuiḃ, agus leis na coiṁiġṫiḃ do ḃí gnáṫaċ na measg.
Anois an tan do ġuiḋ Esra, agus a núair do adṁuiṁ sé, ag gul agus da ṫeilgion féin ar lár a ḃfiaġnuise ṫiġe Dé, do ċruinniġ ċuige as Israel coiṁṫionól roṁór fear agus ban agus leanaḃ: óir do ċaóiḋeadar an pobal go ro ġéar.
Agus ṫug Esra an sagart an dliġeaḋ as coinne an ċoṁċruinniġ fear agus ban, an ṁéid lear ḃféidir a ċlos maille re tuigsin, ar an ccéad lá don tseaċtṁaḋ mí.
Agus do léiġ sé ann a ḃfiaḋnuisi na sráide do ḃí as coinne geata a nuisge ó ṁaidin go meaḋon laói, a laṫair na ḃfear agus na mban, agus na méide dféud a ṫuigsin; agus do ḃádar clúasa an ṗobail uile aireaċ ar leaḃar an dliġe.
Is marso a dear an TIĠEARNA, Seas a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA, agus laḃair ré huile ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, noċ ṫig go tiġ an TIĠEARNA daḋraḋ, na huile ḃríaṫra aiṫeonus misi ḋíot do laḃairt ríu; na laġduiġ áon ḟocal.
Cruinniġiḋ an pobal, náoṁuiġ an coṁṫionnal, coṁġuiriḋ na sinsir, cruinniġiḋ an ċlann, agus an ṁéid iḃios an ċíoċ: éirġioḋ an fear núaḋṗósta amaċ as a ṡeomra, agus an ḃean núaḋṗósda amaċ as a cúil.
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Annsna laéṫiḃ sin, béaruid deiṫneaṁar fear greim as uile ṫeangaiḋ na ccineaḋáċ, eaḋon béaruid siád greim air sciorta an tí ḃías na Iúduiġe, ag ráḋ, Raċuimne leaċd: óir do ċúalamar go ḃfuil Día maille riḃ.
Aċd an tan do ċonnairc Iósa sin, do ḃí míċéudfaiḋ aige orrṫá, agus a duḃairt sé ríu, Leigiḋ do na leanbaiḃ teaċd ċugamsa, agus na toirmeasgaiḋ íad: óir is lé na leiṫéidiḃ súd flaiṫeas Dé.
Agus ar gcríoċnuġaḋ na laéṫeaḋ sin, do ṫríallamar roṁain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideaċda as an gcaṫruiġ amaċ: agus do leigeamar air ar nglúiniḃ sinn ar an dtráiġ, agus do rinneamar urnuiġe.
Cruinniġ na daóine a ḃfoċair a ċéile, fir, agus mna, agus leiniḃ, agus do ċoiṁiṫeaċ atá táoḃ a stiġ dod ḋoirsiḃ, ionnus go cluinfid síad, agus go ḃfoġlumuid, agus go mbía eagla ḃur TTIĠEARNA Dé orra, agus go gcoiṁéadaid uile ḃríaṫra an dliġe si do ḋéanaṁ: