Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 8:33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus do ṡeas Israel uile, agus na seanóiriġe, agus a noifigiġ, agus a mbreiṫeaṁuin, don taóiḃsi don airc agus ar an ttaóiḃ oile roiṁe na sagairt Leḃíteaċ, noċ do iomċair airc ċunnarṫa an TIĠEARNA, aráon an coiṁiḋṫeaċ, agus an té rugaḋ na measc; leaṫ ḋíoḃ ṫall as coinne ṡléiḃe Gerisim, agus an leaṫ oile ḋíoḃ ṫall as coinne ṡléiḃe Ebal; mar do aiṫin Maóise óglaċ an TIĠEARNA roiṁe, go mbeinneoċaidís pobal Israel.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 8:33
22 Iomraidhean Croise  

Endliġeaḋ aṁáin ḃías ag an té ḃearṫar san tír, agus ag an ccoiṁiġṫeaċ ċoiṁneoċus ḃur ḃfocair.


Biáiḋ éanṁoḋ aṁáin dliġe aguiḃ, ċoṁmaiṫ ar son coiṁiḋṫiġ, agus ar son an té rugaḋ ann ḃur ttír fein: óir is misi an TIĠEARNA ḃur Ndia.


Eánórduġaḋ aṁáin ḃías oruiḃsi don ċoṁċruinniuġaḋ, agus mar an gcéadna don ċoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measc, órduġaḋ síorruíḋe ann ḃur slioċd: mar táṫáoise, is mar sin ḃías an coiṁiḋṫeáċ a laṫair an TIĠEARNA.


Eándliġeaḋ agus éanṁoḋ ḃías aguíḃ, agus ag an ccoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas maille riḃ.


Eándliġeaḋ aṁáin ḃías aguiḃ don té ṗeacuiġeas tré ainḃfios, aráon don té béarṫar a measc ċloinne Israel, agus don ċoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas na measc.


Do rinneadar ar naiṫre aḋra ar a tsliáḃ so; agus a deirṫisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar ḃéigean aḋra do ḋéunaṁ.


Agus tiucfa a ccríċ, a nuair ḃéuras an TIĠEARNA do Ḋía ṫú a steaċ ionsa ḃfearann ċum a ttéid tú ḋá ṡealḃuġaḋ, go couirfe tú an beannuġaḋ ar ṡliaḃ Gerisim, agus an malluġaḋ ar ṡliaḃ Ebal.


Cruinniġ na daóine a ḃfoċair a ċéile, fir, agus mna, agus leiniḃ, agus do ċoiṁiṫeaċ atá táoḃ a stiġ dod ḋoirsiḃ, ionnus go cluinfid síad, agus go ḃfoġlumuid, agus go mbía eagla ḃur TTIĠEARNA Dé orra, agus go gcoiṁéadaid uile ḃríaṫra an dliġe si do ḋéanaṁ:


Gur aiṫin Maóise do ná Leḃítiḃ, do iomċur aírc ċunarṫa an TIĠEARNA, ġá ráḋ,


¶ Agus do scríoḃ Maóise an dlíġeaḋsa, agus ṫug do na sagartuiḃ é do ċloinn Leḃi, noċ do iomċair airc ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus do ṡeanniḃ Israel uile.


Agus do ġoir Iosua ar Israel uile, agus ar a seanóiriḃ, agus ar a cceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noifigeaċuiḃ, agus do ráiḋ sé ríu, Atáimsi foirfe, agus aosta a mblíaḋnuiḃ:


Agus do ċruinniġ Iosua treaḃa Israel uile go Seċem, agus do ġoir ar ṡinnsioruiḃ Israel, agus ar a gceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noitigeaċaiḃ; agus do ṫaisbéanadar íad féin a laṫair Dé.


¶ Agus tárla, a nuáir do áṫruiġeadar an pobal ó na loistíniḃ, do ḋul tar Iordan, agus na sagairt ag iomċar airce an ċunarṫa roiṁe an bpobal;


Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ.


Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal.


¶ Oir do ṡeasadar na sagairt do iomċuir a náirc a lár Iordan, nó gur críoċnuiġeaḋ gaċ éinní dar aiṫin an TIĠEARNA do Iosua do laḃairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deiṫfir agus do ċúadar ṫairis.


Agus tárla, a núair ṫangadar na sagairt súas noċ diomċuir aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as lár Iordan, agus ar éirġeadar buinn cos na sagart súas ar talaṁ ṫirim, gur ḟilleadar uisgiḋe Iordan ann a náit féin, agus gur ṫuiliġeadar tar a brúaċuiḃ uile, mar do rinneadar roiṁe.


¶ Agus do ġoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúḃairt riú, Togḃuiḋ súas airc an ċunarṫa, agus iomċraidís móirṡeisear sagart seaċd stuic daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe airc an TIĠEARNA.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan