3 ¶ Annsin déiriġ Iosua, agus an luċd cogaiḋ uile, ċum dul súas a naġaiḋ Ai: agus do ṫoġ Iosua amaċ tríoċad míle dfearuiḃ láidre a ngaisgiḋ, agus do ċuir ar siuḃal íad san noiḋċe.
Agus a duḃairt Maóise ré Iosua, Tóġ ḋuinn amaċ dáoine, agus eirġi ámaċ, agus troid re Hamalec, a máraċ seasfa misi ar mullaċ an ċnuic maille ré slat Dé am láiṁ.
Agus do ḋéana tú ré Hái agus re na ríġ, mar do rinne tú ré Ieriċo agus re na ríġ: aṁáim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuiḋe mar ċreiċ ċugaiḃ féin: cuir luiġeaċan duit ar an ccaṫruiġ táoḃ ṡíar ḋí.
Giḋeaḋ tiucfuiḋ lá an Tíġearna marġaduiġe sa noiḋċe; ann a raċuiḋ neaṁ ṫoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaġaḋ ré teas, agus ann a loisgfiġṫear an talaṁ agus na hoibreaċa atá air.