Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Iosua 8:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus do loisg Iosua Ai, agus do rinne cárn di go bráṫ, áit ḟásuiġ gus a niuġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Iosua 8:28
11 Iomraidhean Croise  

Naċ ccúala tusa fada ó ṡin cionnus do rinne mé é? agus gur ċum mé é ó na seanaimsearuiḃ? anois ṫug mé a gcríċ é, ċor go mbeiṫeása ċum déanaṁ fásuiġ do ċaiṫreaċaiḃ daingne na ccárnuiḃ fásaṁla.


Ualaċ Ḋamascus. Féuċ, rugaḋ Damascus as ó ḃeiṫ na caṫruiġ, agus biáiḋ si na cárn scriosta.


Oír do rinne tú cárn do ċaṫruiġ; do rinne tú fásaċ do ċaṫruiġ ḋaingin: pálás do ċoiṁṫiġeaċuiḃ gan ḃeiṫ na caṫruiġ ar biṫ; ní cuirfiġear súas í ċoiḋċe.


Uimesin, féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttiuḃra misi fa deara caismirt ċogaiḋ do ċluinsion ann Rabbah na Nammoníteaċ; agus biáiḋ sí na cárn ḋólásaċ, agus loisgfiġear a hinġeana le teine: annsin biáiḋ Israel na oiġre air an luċt do ḃí na noiġriġiḃ airsion, a deir an TIĠEARNA.


Tigiḋ na haġaíḋ ón ttéoruinn is faide amaċ, foscluiḋ a hionuṁuis: teilgiḋ súas í aṁuil cárn, agus scriosuiḋ ṫríd amaċ í, ná fágṫar éainui ḋi.


Agus do ḋéana mé Ierusalem na cárnuiḃ, agus na húaṁuiġ ḋragún; agus do ḋéana mé caiṫreaċa Iúdah uáigneaċ, gan áitreaḃṫaċ.


Uimesin treaḃoċṫar Sion ar ḃur sonsa aṁuil maċaire, agus biáiḋ Ierusalem na cárnuiḃ, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ árda na foraóise.


Agus cruinneoċa tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teiniḋ an ċaṫair, agus a héadail uile ó ḃeag go mór, ar son an TIĠEARNA do Ḋía: agus biáiḋ na carn go bráṫ; ní cuirfiġear súas ċoiḋċe i.


Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;


¶ Agus do ċuir Iosua ḋá ċloiċ ḋéag na seasaṁ a lár Iordan, san náit ar ṡeasadar cosa na sagart do iomċuir airc an ċunarṫa: agus atáid ansin gus a niuġ.


Agus do ċroċ sé riġ Aí ré crann go tráṫnóna: agus ar ball a ndeaċuiḋ an ġrían faói, do ḟúagair Iosua a ċorp do leagaḋ a nuas don ċrann, agus a ṫeilgion a ndul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus da ṫógḃadár cárn mór ós a ċionn, noċ ṁairios gus a niuġ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan